Focail chosúla :
••••

cuir díot

Phrasal VerbsBriathra Frásacha 1. Má chuireann tú obair, tasc nó cúram díot, déanann tú nó cuireann tú i gcrích iad chun gur féidir leat tabhairt faoi rudaí eile.transitiveaistreach nuair a bheidh na scrúduithe curtha di aici tá cúpla píosa oibre le cur díobh acu ar dtús b'fhearr liom é a chur díom a luaithe is féidir 2. Má chuireann tú díot duine nach bhfuil tú ag iarraidh a bheith ag caint nó ag déileáil leo, deir tú nó déanann tú rud éigin chun nach mbeidh tú gafa leo a thuilleadh.transitiveaistreach is deacair é a chur díot nuair a fhaigheann sé greim ort chuir sí an cosantóir deiridh di 3. Má chuireann tú tinneas, trioblóid, dúshlán, srl, díot, tagann tú tríothu agus bíonn tú in ann feidhmiú nó dul ar aghaidh mar is gnách ina ndiaidh.transitiveaistreach más féidir leis an cúpla mí atá roimhe a chur de tá mé ag iarraidh an slaghdán seo a chur díom níl an tráma curtha di fós aici 4. Má chuireann tú fad áirithe díot, gluaiseann nó taistealaíonn tú an fad sin.transitiveaistreach chuir sí an chéad chiliméadar di gan aon stró níl ach deich míle curtha dínn againn→ cuir
Loading phrases and examples...