cuir isteach
1. Má chuireann tú duine nó rud isteach ar chomórtas, rás, scrúdú, srl, cuireann tú in iúl go hoifigiúil go mbeidh an duine nó rud sin san iomaíocht nó ag glacadh páirte iontu.transitiveaistreach chuir sé dhá chapall isteach ar an bpríomhrás cuireann siad dráma isteach gach bliain 2. Má chuireann tú moladh, aighneacht, iarratas, aiste, srl, isteach, seolann tú go foirmeálta iad chuig duine nó chuig daoine a dhéanfaidh measúnú orthu agus a dhéanfaidh cinneadh ina leith.transitiveaistreach tá dhá aiste le cur isteach agam tuairisc a chur isteach chuig duine 3. information technologyteicneolaíocht faisnéiseMá chuireann tú sonraí isteach i ríomhaire, scarbhileog, tábla, foirm, srl, úsáideann tú méarchlár nó peann chun na sonraí sin a ionchur chun gur féidir iad a phróiseáil nó a ríomh.transitiveaistreach ná déan dearmad do chód a chur isteach tá go leor figiúirí le cur isteach fós 4. Má chuireann tú tréimhse ama isteach, caitheann tú an tréimhse sin ar bhealach ar leith nó déanann tú rud éigin go dtí go mbíonn an tréimhse sin thart.transitiveaistreach tá seachtain chrua curtha isteach acu tá neart le déanamh ann chun an t‑am a chur isteach→ cuir Loading phrases and examples...