Inrochtaineacht

Tá gach iarracht déanta chun an suíomh seo a leagan amach le go mbeadh sé inrochtana ag cách, beag beann ar chumas. Tá príomhrannóga an tsuímh le feiceáil ag barr an leathanaigh.

Ainneoin gur féidir breathnú ar an suíomh seo trí aon bhrabhsálaí nó gléas Gréasáin, is fearr an chuma a bheas air ach brabhsálaí a úsáid atá in oiriúint do chaighdeáin ghréasáin an World Wide Web Consortium (W3C), na daoine siúd a chruthaigh an Gréasán féin. Chruthaigh an W3C na caighdeáin sin le gur fearr a d’fheidhmeodh an Gréasán do chách. Ar an mórchóir bíonn brabhsálaithe nua curtha in oiriúint do na caighdeáin W3C sin. A mhalairt atá amhlaidh maidir le seanbhrabhsálaithe i gcoitinne.

I bhformhór na mbrabhsálaithe is féidir an téacs a mhéadú ach an cnaipe CTRL a bhrú in éineacht le ROTH NA LUCHÓIGE, nó an cnaipe CTRL a bhrú in éineacht leis an COMHARTHA MÓIDE.

Tógadh an suíomh seo de réir chaighdeáin WA1 AAA. Chun nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh seo agus ar na roghchláir, táblaí agus foirmeacha ann, cloítear leis na gnásanna atá leagtha síos sna caighdeáin seo.

An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, Foras na Gaeilge