Concise English-Irish Dictionary
Foilsíodh Concise English-Irish Dictionary in 2020. Is leagan coimrithe é Concise English-Irish Dictionary den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge atá le fáil ar an suíomh seo.
San fhoclóir clóite, tá:
- 30,000 iontráil;
- 85,000 aonad céille;
- 200,000 frása agus abairt shamplach as Gaeilge;
- forlíonadh mór stíle agus gramadaí;
€30/£25 an praghas miondíola molta atá ar an leabhar.
Tá forlíonadh teanga agus gramadaí sa leagan clóite. Tá leaganacha PDF den ábhar sin, i nGaeilge agus i mBéarla araon, le fáil le híoslódáil anseo.
Cliceáil ar na deilbhíní thíos chun cuid eile den ábhar tánaisteach san fhoclóir a fheiceáil.
