Maidir le

Fáilte go dtí Foclóirí ár linne, áit a dtiocfaidh tú ar an bhFoclóir Nua Gaeilge (2025) agus an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge (2013-2025) atá foilsithe ag Foras na Gaeilge. Tá an dá fhoclóir ar fáil saor in aisce agus tá siad in oiriúint do ríomhairí agus d’fhóin phóca. Is féidir cuardach sa dá fhoclóir ag an am céanna trí úsáid a bhaint as an gcuardach uilíoch.

eolas gramadaí, comhaid fuaime agus comhaid úsáide a bhaineann le focail Ghaeilge le fáil sna foclóirí. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na gnéithe sin agus chun físeáin treorach a fheiceáil, téigh go dtí rannóg na gCeisteanna Coitianta agus féach ar ár gcainéal YouTube.

An nuacht is déanaí

Seoladh an chéad sciar den fhoclóir nua aonteangach Gaeilge. Tá 20,000 iontráil agus 40,000 brí san áireamh sa chéad sciar den ábhar.

Clocha míle na dtionscadal

Meán Fómhair 2020
Foilsíodh an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge, Concise English-Irish Dictionary. Tá 30,000 iontráil agus 85,000 aonad céille san fhoclóir clóite. Gheobhfar tuilleadh eolais mar gheall ar an leabhar anseo.
Eanáir 2017
Cuireadh críoch leis an leagan leictreonach den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge. D’fhág sé sin 28,000 iontráil (140,000 aonad céille) san fhoclóir.
Deireadh Fómhair 2013
Seoladh leaganacha ar líne de English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe, 1959) agus de Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill, 1977), mar aon le bunachar gramadaí agus bunachar foghraíochta. Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar na háiseanna seo.
Eanáir 2013
Seoladh leagan tosaigh an fhoclóra le breis is 7,000 ceannfhocal. Chumhdaigh an leagan tosaigh timpeall 70% d'úsáid ghinearálta an Bhéarla agus 30% den chion ábhair deiridh ó thaobh aonaid chéille de.

Aiseolas

Cuirimid fáilte roimh aiseolas ón bpobal ag an seoladh ríomhphoist aiseolas [ag] focloir.ie. Má bhaineann an t-aiseolas le hiontráil ar leith, bheimis buíoch ach an ceannfhocal ábhartha agus/nó an bhrí ar leith a shonrú. Chomh maith leis seo, molaimid d’úsáideoirí féachaint ar leathanach na gCeisteanna Coitianta, mar d’fhéadfadh an t-eolas ábhartha atá uait a bheith ar fáil ansin.

Foireann agus Admhálacha

Cuireadh tús le hobair foclóireachta i bhForas na Gaeilge in 2003 agus ó shin tá an iliomad foireann aistriúcháin agus eagarthóireachta, rannpháirtithe, comhairleoirí agus eagraíochtaí tar éis a bheith ag obair ar thionscadail éagsúla ar feadh tréimhsí éagsúla. Tá Foras na Gaeilge buíoch de na daoine agus de na heagraíochtaí seo a leanas as cur lenár gcuid oibre i ngort na foclóireachta:

Céim 1 (2003-2017): an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge

Foireann lánaimseartha

Cormac Breathnach, Cathal Convery, Colm Duffin, Aifric Mac Aodha, Eoghan Mac Mathúna, Máirín Mhic Giolla Chumhaill, Máire Ní Fhinneadha, Róisín Ní Mhianáin, Judy Ní Ógáin, Niamh Ní Thuama, Tadhg Ó Bric, Liam Ó Cuinneagáin, Joe Ó Labhraí, Tomás Ó Maolalaidh, Pádraig Ó Mianáin, Seosamh Ó Murchú, Muiris Ó Raghallaigh

Róil eile

Sue Atkins, Julie Bernsden, Michal Boleslav Měchura, Gerry Breslin, Máirtín Coilféir, Rosalind Combley, Padraic de Bhaldraithe, Charles Dillon, Malachy Duffin, Valerie Grundy, Aidan Horan, Adam Kilgarriff, Éamonn Lawlor, John Lunney, Barra Mac Aodha Bhuí, Éanna Mac Cába, Pól Mac Fheilimidh, Séamus Mac Gairbheith, Liam Mac Mathúna, Gearóidín Nic Cárthaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Jó Ní Dhonnchadha, Fidelma Ní Ghallchobhair, Máirín Ní Mhárta, Síle Ní Mhurchú, Bairbre Ní Ógáin, Fionnuala Ní Ráinne, Sinéad Ní Ráinne, Dónall Ó Baoill, Máirtín Ó Cadhain, Áine Ó Ceallaigh, Seán Ó Coinn, Breandán Ó Cróinín, Máirtín Ó Curraoin, Cathal Ó Donnghaile, Aodh Ó Gallchóir, Mícheál Ó Gruagáin, Aonghus Ó hAirt, Éamonn Ó hÓgáin, Tadhg Ó Loingsigh, Pádraig Ó Maoilreannaigh, Mícheál John Ó Meachair, Aogán Ó Muircheartaigh, Tomás L Ó Murchú, Séamus Ó Murthaile, Colm Ó Neachtain, Mícheál Ó Sé, Kayla Reed, Helen Josephine Roche, Michael Rundell, Kevin Scannell, Donla uí Bhraonáin, Gobnait Uí Chonchubhair, Elaine Uí Dhonnchadha, Gráinne Uí Dhuifinn, Nóirín Uí Mhaolaoí, Carl Vogel, Christoph Wendler, Paul Williams, Wolfgang Worsch.

Céim 2 (2017-2020): Concise English-Irish Dictionary

Foireann lánaimseartha

Cormac Breathnach, Cathal Convery, Conor O’Dowd, Joe Ó Labhraí, Pádraig Ó Mianáin, Seosamh Ó Murchú

Foireann pháirtaimseartha

Pól Mac Fheilimidh, Eoghan Mac Mathúna, Róisín Ní Mhianáin, Tadhg Ó Bric

Róil eile

Michal Boleslav Měchura, Gerry Breslin, Rosalind Combley, John Dixon, Ronan Doherty, Valerie Grundy, Aifric Mac Aodha, Darragh Mac Giolla Phádraig, Antain Mac Lochlainn, Cáit Nic Fhionnlaoich, Bairbre Ní Chonchúir, Edel Ní Chorráin, Aisling Ní Churraighín, Ciara Ní É, Lorna Ní Fhaogáin, Jenny Ní Mhaoileoin, Fionnuala Ní Ráinne, Donncha Ó Cróinín, Liam Ó Cuinneagáin, Pádraic Ó Farachtáin, Mícheál John Ó Meachair, Muiris Ó Raghallaigh, Caomhán Ó Scolaí, Kayla Reed, Kevin Scannell, Thomas Widmann

Céim 3 (2020-): an Foclóir Nua Gaeilge agus an Foclóir Nua Gaeilge-Béarla

Foireann lánaimseartha

Cormac Breathnach, Alison Ní Bhriain, Caitríona Ní Chatháin, Aisling Ní Churraighín, Derek Ó Briain, Tadhg Ó Bric, Pádraig Ó Mianáin, Lee Vahey

Foireann pháirtaimseartha

Pól Mac Fheilimidh, Eoghan Mac Mathúna, Joe Ó Labhraí, Seosamh Ó Murchú

Róil eile

Michal Boleslav Měchura, Gerry Breslin, Oilibhéar de Búrca, Antain Mac Lochlainn, Seán Mac Nia, Darren Mag Aoidh, Edel Ní Chorráin, Máire Nic Mhaoláin, Máirín Ní Mhárta, Sinéad Ní Ráinne, Éamonn Ó Dónaill, Kevin Scannell

Admhálacha

Ba mhaith le Foras na Gaeilge na páirtithe eile seo a thacaigh lenár dtionscadail foclóireachta a aithint agus buíochas a ghabháil leo:

Ingénerie Diffusion Multimédia (IDM), atá freagrach as bogearraí agus óstáil an tsuímh, agus as uirlisí agus seirbhísí foclóireachta eile a sholáthar don tionscadal. Táimid an-bhuíoch go háirithe de Philippe Climent, Holger Hvelplund agus Allan Orsnes atá páirteach ó cuireadh tús leis an gcéad tionscadal.

  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
  • An Coiste Téarmaíochta
  • An Gúm
  • Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Lexical Computing
  • Lexicography Masterclass
  • Macalla Teoranta
  • PB Print Solutions

Ba mhaith le Foras na Gaeilge aitheantas a thabhairt do na daoine agus do na heagraíochtaí seo a leanas chomh maith:

  • boird agus coistí comhairleacha éagsúla Fhoras na Gaeilge
  • baill foirne agus iarbhaill foirne Fhoras na Gaeilge
  • an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
  • an Roinn Pobal
  • an Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath
  • an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas
  • na daoine atá tar éis aiseolas luachmhar a chur chugainn ó foilsíodh an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge in 2013.
An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, Foras na Gaeilge