Focail chosúla :
••••

cuir as do

Phrasal VerbsBriathra Frásacha 1. Má tá rud éigin ag cur as duit, bíonn imní nó míshuaimhneas ort mar gheall ar an rud sin agus bíonn tú ag smaoineamh ar fhadhbanna nó ar rudaí míthaitneamhacha a bhaineann leis.transitiveaistreach tá an cás cúirte seo ag cur as dó ní chuireann cúrsaí airgid as di beag ná mór 2. Má chuireann duine nó rud as duit, cuireann siad fearg, frustrachas nó mífhoighne ort.transitiveaistreach bhí an torann ón slua ag cur as go mór di cuireann sé as dó nuair a bhíonn daoine déanach ná lig dóibh cur as duit 3. Má tá rud éigin ag cur as duit go fisiciúil, msh galar, gortú, ball coirp, srl, tá tinneas nó pian ort mar gheall ar an rud sin.transitiveaistreach seans go bhfuil mígréin ag cur as dó arís tá a droim ag cur as di bhí gortú glúine ag cur as dó ar feadh tamaill 4. Má chuireann duine nó rud as duit nuair a bhíonn tú ag déanamh rud éigin, msh ag obair, ag caint, ag léamh, srl, stadann siad thú ag déanamh an ruda sin ar feadh tamaill.transitiveaistreach níl mé ag iarraidh cur as dóibh tá brón orm as cur as duit 5. Má chuireann rud éigin brónach nó diúltach as duit, goilleann an rud sin ort agus cuireann sé brón nó ísle brí ort.transitiveaistreach chuir a bás as go mór dó 6. Má chuireann rud éigin as do ghníomhaíocht, próiseas, obair, srl, cruthaíonn an rud sin deacrachtaí agus ní féidir leis an ngníomhaíocht srl leanúint ar aghaidh nó feidhmiú mar is gnách nó mar a bhí beartaithe.transitiveaistreach tá an aimsir ag cur as go mór dá gcuid ullmhúchán ní chuirfeadh seachtain eile as mórán don sceideal→ cuir
Loading phrases and examples...