cuir ar
1. Má chuireann tú ball éadaigh, bróga nó píosa trealaimh ar nós clogaid srl ort, cuireann tú ar do chorp iad chun iad a chaitheamh.transitiveaistreach cuir ort do chóta tá sé ag cur a bhuataisí air chuir sí uirthi a spéaclaí abair leo a gclogaid a chur orthu 2. Má chuireann tú leacht, uachtar, púdar, srl, ar dhromchla nó ar rud, doirteann nó cuimlíonn tú iad ar an dromchla nó ar an rud sin. transitiveaistreach cuir neart uachtar gréine ort féin vearnais a chur ar rud smideadh a chur ort féin 3. Má chuireann duine ort rud éigin a dhéanamh, cuireann siad iachall ort an rud sin a dhéanamh d'ainneoin nach bhfuil tú ag iarraidh é a dhéanamh, mar shampla trí bheith ag bagairt ort.transitiveaistreach chuir siad uirthi é a shíniú 4. Má chuireann rud amháin ort rud ar leith eile a dhéanamh, cuireann an chéad rud brú ort nó spreagann sé thú chun an rud ar leith eile sin a dhéanamh.transitiveaistreach ní chuirfeadh sé orm éirí as chuir na torthaí uirthi a réim bia a athrú → cuir Loading phrases and examples...