cuir isteach ar
1. Má chuireann duine nó rud isteach ort, cuireann siad fearg, frustrachas nó mífhoighne ort.transitiveaistreach chuir an cheist deiridh isteach go mór uirthi cuireann sé isteach air nuair a bhíonn daoine déanach ná lig dóibh cur isteach ort 2. Má tá rud éigin ag cur isteach ort, bíonn imní nó míshuaimhneas ort mar gheall ar an rud sin agus bíonn tú ag smaoineamh ar fhadhbanna nó ar rudaí míthaitneamhacha a bhaineann leis.transitiveaistreach tá an cás cúirte seo ag cur isteach air ní chuireann cúrsaí airgid isteach uirthi beag ná mór 3. Má chuireann rud éigin brónach nó diúltach isteach ort, goilleann an rud sin ort agus cuireann sé brón nó ísle brí ort.transitiveaistreach chuir a bhás isteach go mór uirthi 4. Má chuireann duine nó rud isteach ort nuair a bhíonn tú ag déanamh rud éigin, msh ag obair, ag caint, ag léamh, srl, stadann siad thú ag déanamh an ruda sin ar feadh tamaill.transitiveaistreach níl mé ag iarraidh cur isteach orthu tá brón orm as cur isteach ort 5. Má chuireann rud éigin isteach ar ghníomhaíocht, próiseas, obair, srl, cruthaíonn an rud sin deacrachtaí agus ní féidir leis an ngníomhaíocht srl leanúint ar aghaidh nó feidhmiú mar is gnách nó mar a bhí beartaithe.transitiveaistreach tá an aimsir ag cur isteach go mór ar a gcuid ullmhúchán ní chuirfeadh seachtain eile isteach mórán ar an sceideal 6. Má bhíonn duine éigin ag cur isteach ort, bíonn an duine sin do do chiapadh nó ag cur brú ort, msh trí bheith ag iarraidh ort go leanúnach rud éigin a dhéanamh nó trí bheith ag iarraidh fearg a chur ort d'aon ghnó.transitiveaistreach stop ag cur isteach orm is maith leis a bheith ag cur isteach ar a dheirfiúracha bhí an lánchúlaí ag cur isteach uirthi an cluiche ar fad 7. Má chuireann tú isteach ar phost, comórtas, rás, scrúdú, srl, cuireann tú in iúl go hoifigiúil gur mian leat dul in iomaíocht lena n‑aghaidh nó páirt a ghlacadh iontu.transitiveaistreach níor chuir ach triúr isteach ar an bpost cur isteach ar chomórtas→ cuir Loading phrases and examples...