cuir le
1. Má chuireann rud amháin le rud eile, méadaíonn sé an rud eile sin nó cuireann sé breis leis an rud eile sin.transitiveaistreach chuirfeadh sé sin leis an gcostas níl mé ag iarraidh cur le do chuid cúraimí cuirtear leis an gcartlann gach bliain tá siad ag cur leis an teach 2. Má chuirtear rud ar leith, nó cainníocht nó líon de rud ar leith, le rud eile, méadaítear an rud eile sin nó cuirtear breis leis an rud eile sin dá réir.transitiveaistreach chuir sé trí uair an chloig leis an turas an gcuirfeadh sé sin mórán leis an gcostas? chuir siad eite nua leis an bhfoirgneamh d'fhéadfá gluais a chur leis an téacs 3. Má chuireann rud amháin le rud eile, treisíonn sé an rud eile sin nó ardaíonn sé leibhéal an ruda eile sin.transitiveaistreach ní dhéanann ráitis mar sin ach cur leis an teannas chuirfeadh nóta ón dochtúir lena cás chuir sé sin leis an mbrú ar an rialtas chuir an drochaimsir go mór leis an dúshlán 4. Má chuireann rud amháin le rud eile, feabhsaíonn an chéad rud an rud eile sin.transitiveaistreach chuir an ceol go mór leis an oíche cuireann na deiseanna seo le heispéireas na n‑intéirneach cuireann na luibheanna leis an mblas chuirfeadh na cáipéisí seo lenár n‑eolas ar an tréimhse sin 5. Má chuireann tú le scéal, ráiteas, tuairisc, srl, cuireann tú rudaí nó sonraí sa bhreis isteach iontu, go háirithe rudaí nó sonraí nach bhfuil iomlán fíor, chun an scéal a dhéanamh níos suimiúla nó toisc gur mhaith leat go rachadh an ráiteas nó an tuairisc i bhfeidhm ar dhaoine ar bhealach ar leith.transitiveaistreach tá claonadh aige cur leis na scéalta faoina óige 6. Má chuireann tú d'ainm nó do shíniú le cáipéis, msh litir, tuairisc nó aighneacht, síníonn tú an cháipéis sin chun a léiriú gur tú a scríobh í nó go bhfuil tú ag aontú leis an méid atá inti.transitiveaistreach do shíniú a chur le rud dhiúltaigh sé a ainm a chur leis an litir 7. Má chuireann tú le gealltanas a thug tú, déanann tú an rud a gheall tú a dhéanfá. tá siad maith ag tabhairt gealltanas ach níl siad chomh maith céanna ag cur leo chuir sí lena focal → cuir Loading phrases and examples...