Similar words :

-sean

Emphatic suffix, 3rd person singular masculineIarmhír threise, 3ú pearsa uatha firinscneach 1. Cuirtear an iarmhír -sean ag deireadh focail chun a threisiú gur fear nó buachaill ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'a' (an 3ú pearsa uatha firinscneach) rompu chun a threisiú gur leisean an rud atá i gceist nó gur leisean a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'a shráidsean', 'a chuntas baincsean'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'á' (an 3ú pearsa uatha firinscneach) roimhe chun a threisiú gur airsean atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'á chosaintsean', 'á fhairesean'. Ag deireadh focal a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáidtear -sean. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'a' an bhfuil a uimhirsean agat? is ina gharáistesean atá sé tá a thraeinsean déanach tá a cháipéis-sean níos cuimsithí tá a shonraísean acu bhí a pháipéirsean sa charr clúdach a leabhairsean d'ainneoin a thairiscintesean meáchan a mhálaísean (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'a' dath a bhrístí gairidesean sin a spéaclaí gréinesean tá a chur chuigesean níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'á' Seán atá á thabhairtsean ann an á sheachaintsean a bhí sí? ní á ionsaísean a bhíothas 2. Cuirtear an iarmhír -sean ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmhí fireann ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. 3. Cuirtear an iarmhír -sean ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmfhocal firinscneach ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. tóg an rothar eile, tá a rothaísean níos mó Emphatic suffix, 3rd person pluralIarmhír threise, 3ú pearsa iolra 4. Úsáidtear an iarmhír -sean ag deireadh focail chun a threisiú gur daoine ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'a' (an 3ú pearsa iolra) rompu chun a threisiú gur leosan an rud atá i gceist nó gur leosan a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'a sráidsean' 'a gcuntas baincsean'; (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'á' (an 3ú pearsa iolra) roimhe chun a threisiú gur orthusan atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'á gcosaintsean', 'á bhfairesean'; nó (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 3ú pearsa iolra chun a threisiú gurb iadsan atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'thagaidís-sean', 'fanaidís-sean'. Ag deireadh focal a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáidtear -sean. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'a' an bhfuil a n-uimhirsean agat? is ina ngaráistesean atá sé tá a dtraeinsean déanach tá a gcáipéis-sean níos cuimsithí tá a sonraísean againn bhí a bpáipéirsean sa charr clúdach a leabhairsean d'ainneoin a dtairiscintesean meáchan a málaísean (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'a' dath a mbrístí gairidesean sin a spéaclaí gréinesean tá a gcur chuigesean níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'á' Seán atá á dtabhairtsean ann an á seachaintsean a bhí sí? ní á n-ionsaísean a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 3ú pearsa iolra bheidís-sean níos cáilithe ná muidne déanaidís-sean é, mar sin 5. Úsáidtear an iarmhír -sean ag deireadh focail chun a threisiú gur rudaí, ainmhithe, eagraíochtaí, srl, ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (C) thuas. is fearr liom na spéaclaí sin, tá a lionsaísean níos dorcha tá a gcuid fionnaidhsean níos tibhe cheap na clubanna gur á mbilleáilsean a bheifí 6. Cuirtear an iarmhír -sean ag deireadh focail chun a threisiú gur duine aonair nach fios nó nach léir cé acu fear nó bean iad atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (C) thuas. cibé duine a logáil isteach ar maidin, is iad a sonraísean atá ag teastáil dá mbeadh ionadaí uathu cláraithe, bheifí á gcóitseáilsean freisin 7. Cuirtear an iarmhír -sean ag deireadh focail chun a threisiú gur duine neamh-dhénártha, ar mhaith leo gur le forainm iolra a dhéanfaí tagairt dóibh, atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (C) thuas. níl sé cosúil lena n-aghaidhsean nuair a bhíothas á n-oiliúintsean mar altra
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...