Similar words :

-san

Possessive adjective, 3rd person singular masculineAidiacht shealbhach, 3ú pearsa uatha firinscneach 1. Cuirtear an iarmhír -san ag deireadh focail chun a threisiú gur fear nó buachaill ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'a' (an 3ú pearsa uatha firinscneach) rompu chun a threisiú gur leisean an rud atá i gceist nó gur leisean a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'a theachsan', 'a chótaí mórsan'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'á' (an 3ú pearsa uatha firinscneach) roimhe chun a threisiú gur airsean atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'á ghortúsan', 'á ullmhúsan'. Ag deireadh focal a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáideann tú -san. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'a' an bhfuil a sheoladhsan agat? is ina sheomrasan atá sé tá a bhus-san déanach tá a phleansan níos cuimsithí bhí a bhrógasan sa charr d'ainneoin a ofrálasan meáchan a chásannasan (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'a' dath a bhrístí gearrasan níl a fhón pócasan chomh maith céanna tá a bhosca isteachsan lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'á' beidh sí á chrásan anois an á lorgsan a bhí siad? ní á cháineadhsan a bhíothas 2. Cuirtear an iarmhír -san ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmhí fireann ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. 3. Cuirtear an iarmhír -san ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmfhocal firinscneach ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. faigh an ceamara eile, tá a zúmsan níos fearr Possessive adjective, 3rd person pluralAidiacht shealbhach, 3ú pearsa iolra 4. Úsáidtear an iarmhír -san ag deireadh focail chun a threisiú gur daoine ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'a' (an 3ú pearsa iolra) rompu chun a threisiú gur leosan an rud atá i gceist nó gur leosan a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'a dteachsan', 'a gcótaí mórasan'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'á' (an 3ú pearsa iolra) roimhe chun a threisiú gur orthusan atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'á ngortúsan', 'á n-ullmhúsan'. Ag deireadh focal a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáidtear -san. A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'a' an bhfuil a seoladhsan agat? is ina seomrasan atá sé tá a mbus-san déanach tá a bpleansan níos cuimsithí bhí a mbrógasan sa charr d'ainneoin a n-ofrálasan meáchan a gcásannasan (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'a' dath a mbrístí gearrasan níl a bhfóin phócasan chomh maith céanna tá a mbosca isteachsan lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'á' beidh sí á gcrásan anois an á lorgsan a bhí sé? ní á gcáineadhsan a bhíothas 5. Úsáidtear an iarmhír -san ag deireadh focail chun a threisiú gur rudaí, ainmhithe, eagraíochtaí, srl, ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. faigh na húlla dearga, is fearr liom a mblas-san tá a bhfionnadhsan níos tibhe ceapann na clubanna gur á gcáineadhsan a bhíothas 6. Cuirtear an iarmhír -san ag deireadh focail chun a threisiú gur duine aonair nach fios nó nach léir cé acu fear nó bean iad atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. cibé duine a logáil isteach ar maidin, is é a bpasfhocalsan atá ag teastáil dá ndéanfadh ball foirne gearán, ní bheifí á n-ainmniúsan ach an oiread 7. Cuirtear an iarmhír -san ag deireadh focail chun a threisiú gur duine neamh-dhénártha, ar mhaith leo gur le forainm iolra a dhéanfaí tagairt dóibh, atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. ní hé sin a lámhscríbhneoireachtsan dá mbeifí á gceapadhsan mar uachtarán
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...