-sa
1. Úsáideann tú an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gur tusa atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'mo' rompu chun a threisiú gur leatsa an rud atá i gceist nó gur leatsa a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'mo theachsa', 'mo chóta mórsa'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do mo' roimhe chun a threisiú gur ortsa atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do mo ghortúsa', 'do m'ullmhúsa'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáideann tú -sa. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'mo' an bhfuil mo sheoladhsa agat? is i mo sheomrasa atá sé tá mo bhus-sa déanach tá mo phleansa níos cuimsithí bhí mo bhrógasa sa charr d'ainneoin m'ofrálasa meáchan mo chásannasa (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'mo' dath mo bhrístí gearrasa níl m'fhón pócasa chomh maith céanna tá mo bhosca isteachsa lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do mo' beidh sí do mo chrása anois an do mo lorgsa a bhí siad? ní do mo cháineadhsa a bhíothas 2. Úsáideann tú an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gurb iad an duine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'do' rompu chun a threisiú gur leis an duine sin an rud atá i gceist nó gur leosan a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'do theachsa', 'do chóta mórsa'; (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do do' roimhe chun a threisiú gur ar an duine sin atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do do ghortúsa', 'do d'ullmhúsa'; nó (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa uatha chun a threisiú gurb iad an duine sin atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'bheifeása', 'fansa'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáideann tú -sa. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'do' an bhfuil do sheoladhsa acu? is i do sheomrasa atá sé tá do bhus-sa déanach tá do phleansa níos cuimsithí bhí do bhrógasa sa charr d'ainneoin d'ofrálasa meáchan do chásannasa (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'do' dath do bhrístí gearrasa níl d'fhón pócasa chomh maith céanna tá do bhosca isteachsa lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do do' beidh sí do do chrása anois an do do lorgsa a bhí siad? ní do do cháineadhsa a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa uatha bheifeása níos cáilithe ná eisean fágsa ar ais é, mar sin 3. Cuirtear an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gur bean nó cailín ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'a' (sa 3ú pearsa uatha baininscneach) rompu chun a threisiú gur léise an rud atá i gceist nó gur léise a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'a teachsa', 'a cóta mórsa'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'á' (an 3ú pearsa uatha baininscneach) roimhe chun a threisiú gur uirthise atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'á gortúsa', 'á hullmhúsa'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáidtear -sa. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'a' an bhfuil a seoladhsa acu? is ina seomrasa atá sé tá a bus-sa déanach tá a pleansa níos cuimsithí bhí a brógasa sa charr d'ainneoin a hofrálasa meáchan a cásannasa (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'a' dath a brístí gearrasa níl a fón pócasa chomh maith céanna tá a bosca isteachsa lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'á' beidh siad á crása anois an á lorgsa a bhí siad? ní á cáineadhsa a bhíothas 4. Cuirtear an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmhí baineann ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. 5. Cuirtear an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmfhocal baininscneach ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. tóg an chasóg eile, tá a cochallsa níos fearr 6. Úsáideann tú an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gurb iad na daoine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'bhur' rompu chun a threisiú gur leosan an rud atá i gceist nó gur leosan a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'bhur dteachsa', 'bhur gcótaí mórasa'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do bhur' roimhe chun a threisiú gur orthusan atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do bhur ngortúsa', 'do bhur n-ullmhúsa'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáideann tú -sa. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'bhur' an bhfuil bhur seoladhsa acu? is in bhur seomrasa atá sé tá bhur mbus-sa déanach tá bhur bpleansa níos cuimsithí bhí bhur mbrógasa sa charr d'ainneoin bhur n-ofrálasa meáchan bhur gcásannasa (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'bhur' dath bhur mbrístí gearrasa níl bhur bhfóin phócasa chomh maith céanna tá bhur mbosca isteachsa lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do bhur' beidh sí do bhur gcrása anois an do bhur lorgsa a bhí siad? ní do bhur gcáineadhsa a bhíothas Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...