-se
1. Úsáideann tú an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gur tusa atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'mo' rompu chun a threisiú gur leatsa an rud atá i gceist nó gur leatsa a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'mo shráidse', 'mo chuntas baincse'; (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do mo' roimhe chun a threisiú gur ortsa atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do mo chosaintse', 'do m'fhairese'; nó (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar san 1ú pearsa uatha chun a threisiú gur tusa atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'bheinnse', 'ceapaimse'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáideann tú -se. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'mo' an bhfuil m'uimhirse agat? is i mo gharáistese atá sé tá mo thraeinse déanach tá mo cháipéis-se níos cuimsithí tá mo shonraíse acu bhí mo pháipéirse sa charr clúdach mo leabhairse d'ainneoin mo thairiscintese meáchan mo mhálaíse (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'mo' dath mo bhríste gairidese sin mo spéaclaí gréinese tá mo chur chuigese níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do mo' Seán atá do mo thabhairtse ann an do mo sheachaintse a bhí sí? ní do m'ionsaíse a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar san 1ú pearsa uatha bímse ag caint léi gach lá feicimse é, an bhfuil tusa dall? léinnse gach lá é ní íosfainnse é ar aon nós 2. Úsáideann tú an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gurb iad an duine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'do' rompu chun a threisiú gur leis an duine sin an rud atá i gceist nó gur leis an duine sin a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'do shráidse', 'do chuntas baincse'; (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do do' roimhe chun a threisiú gur ar an duine sin atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do do chosaintse', 'do d'fhairese'; nó (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa uatha chun a threisiú gurb iad an duine sin atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'seinnse', 'glaoighse'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáideann tú -se. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'do' an bhfuil d'uimhirse acu? is i do gharáistese atá sé tá do thraeinse déanach tá do cháipéis-se níos cuimsithí tá do shonraíse acu bhí do pháipéirse sa charr clúdach do leabhairse d'ainneoin do thairiscintese meáchan do mhálaíse (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'do' dath do bhríste gairidese sin do spéaclaí gréinese tá do chur chuigese níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do do' Seán atá do do thabhairtse ann an do do sheachaintse a bhí sí? ní do d'ionsaíse a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa uatha seinnse an fonn agus seinnfidh mise na cordaí bris-se an seic ó tharla ann thú 3. Cuirtear an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gur bean nó cailín ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'a' (sa 3ú pearsa uatha baininscneach) rompu chun a threisiú gur léise an rud atá i gceist nó gur léise a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'a sráidse', 'a cuntas baincse'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'á' (an 3ú pearsa uatha baininscneach) roimhe chun a threisiú gur uirthise atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'á cosaintse', 'á fairese'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáideann tú -se. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'a' an bhfuil a huimhirse agat? is ina garáistese atá sé tá a traeinse déanach tá a cáipéis-se níos cuimsithí tá a sonraíse acu bhí a páipéirse sa charr d'ainneoin a tairiscintese meáchan a málaíse (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'a' dath a brístí gairidese sin a spéaclaí gréinese tá a cur chuigese níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'á' Seán atá á tabhairtse ann an á seachaintse a bhí sé? ní á hionsaíse a bhíothas 4. Cuirtear an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmhí baineann ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. 5. Cuirtear an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmfhocal baininscneach ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. tóg an chasóg eile, tá a pócaíse níos mó 6. Úsáideann tú an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gurb iad na daoine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'bhur' rompu chun a threisiú gur leosan an rud atá i gceist nó gur leosan a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'bhur sráidse', 'bhur gcuntas baincse'; (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do bhur' roimhe chun a threisiú gur orthusan atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do bhur gcosaintse', 'do bhur bhfairese'; nó (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa iolra chun a threisiú gurb iadsan atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'seinnigíse', 'fanaigíse'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáideann tú -se. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'bhur' an bhfuil bhur n-uimhirse acu? is in bhur ngaráistese atá sé tá bhur dtraeinse déanach tá bhur gcáipéis-se níos cuimsithí tá bhur sonraíse acu bhí bhur bpáipéirse sa charr d'ainneoin bhur dtairiscintese meáchan bhur málaíse (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'bhur' dath bhur mbrístí gairidese sin bhur spéaclaí gréinese tá bhur gcur chuigese níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do bhur' Seán atá do bhur dtabhairtse ann an do bhur seachaintse a bhí sí? ní do bhur n-ionsaíse a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa iolra seinnigíse an fonn agus seinnfidh mise na cordaí abraigíse bhur rogha rud Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...