Similar words :

-ne

Emphatic suffix, 1st person pluralIarmhír threise, 1ú pearsa iolra Úsáideann tú an iarmhír -ne ag deireadh focail chun a threisiú gur tusa in éineacht le duine nó le daoine eile mar ghrúpa atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'ár' rompu chun a threisiú gur libhse an rud atá i gceist nó gur libhse a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'ár sráidne', 'ár gcuntas baincne'; ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'dár' roimhe chun a threisiú gur oraibhse atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'dár gcosaintne', 'dár bhfairene'; nó ag deireadh foirm tháite briathair san 1ú pearsa iolra chun a threisiú gur sibhse atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'bhímisne', 'déanfaimidne'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáideann tú -ne. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'ár' an bhfuil ár n-uimhirne agat? is inár ngaráistene atá sé tá ár dtraein-ne déanach tá ár gcáipéisne níos cuimsithí tá ár sonraíne acu bhí ár seaicéidne sa charr d'ainneoin ár dtairiscintene meáchan ár málaíne (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'ár' dath ár mbrístí gairidene sin ár spéaclaí gréinene tá ár gcur chuigene níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'dár' Seán atá dár dtabhairtne ann an dár seachaintne a bhí sí? ní dár n-ionsaíne a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar san 1ú pearsa iolra ní minic a bhímidne ann ceannóimidne ceann freisin théimisne ag snámh ansin
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...