Tá roinnt bealaí éagsúla ar fáil chun rochtain thapa ar aistriúcháin Ghaeilge a éascú go díreach ó do bhrabhsálaí nó ó do leathanach gréasáin. Is féidir leat cur go mór le do shuíomh gréasáin má thugann tú deis do do chuid úsáideoirí aistriúcháin Ghaeilge a aimsiú lenár ngiuirléid chuardaigh nó lenár mbreiseán déchliceála.
Más mian leat suíomh gréasáin nó inlíon mór a chumasú le leagan saincheaptha den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge, téigh i dteagmháil linn.
An scéal a scaipeadh
Ag barr an cholúin ar dheis ar gach leathanach, tá rogha de chnaipí a chuireann ar do chumas an foclóir seo a scaipeadh ar shuíomhanna sóisialta. Cuir do chairde agus do chomhghleacaithe ar an eolas faoi fhocail nua trí Twitter, Facebook agus go leor suíomhanna sóisialta eile!
Giuirléid Chuardaigh don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge
Cuir le do shuíomh gréasáin trínár ngiuirléid chuardaigh a leabú i do leathanach tosaigh, i do shuíomh gréasáin nó i do bhlag.
Breiseán Déchliceála
Lenár mbreiseán déchliceála, nuair a dhéchliceálann úsáideoir ar aon fhocal Béarla ar do shuíomh, osclófar fuinneog an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ag liostú na leaganacha Gaeilge agus na mbealaí difriúla a n-úsáidtear an focal.