An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Aip an Fhoclóra

Mar chuid de cheiliúradh Bhliain na Gaeilge 2018, bheartaigh Foras na Gaeilge aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a chur ar fáil saor in aisce. Is féidir an aip a fháil anseo do ghléasanna Apple agus anseo do ghléasanna Android.

Ach d'íoc mé as an aip cheana féin!

Más rud é gur cheannaigh tú an aip sula raibh sí ar fáil saor in aisce, beidh tú i dteideal aon cheannach ionaipe a dhéanamh gan táille a íoc - aithneofar gur úsáideoir thú a d'íoc cheana féin, agus ní ghearrfar aon táille ort nuair a bhrúnn tú an cnaipe 'ceannaigh'.

Ag úsáid na haipe

  • An féidir liom an aip a úsáid as líne?

    Is féidir! Nuair a bheidh an aip suiteáilte agat beidh na gnéithe ar fad ar fáil as líne (seachas na comhaid fuaime – is gá bheith ar líne chun leas a bhaint astu seo). Is éard is brí leis seo ná gur féidir leat an aip a úsáid beag beann ar cheangal idirlín.

  • Cad a tharlóidh nuair a chuirfear iontrálacha leis an bhFoclóir, nó nuair a leasófar iontrálacha?

    Aon uair a dhéanfar leasú ar ábhar an fhoclóra nó aon uair a chuirfear ábhar leis an bhfoclóir, gheobhaidh tú fógra uathoibríoch á rá leat go bhfuil leagan uasdátaithe den aip ar fáil duit le híoslódáil (saor in aisce).

  • Conas a chuardaím focal nó frása?

    An tslí chéanna is a dhéantar ar an suíomh idirlín – cuir focal nó frása sa bhosca cuardaigh, nó roghnaigh ón liosta anuas é.

  • Saoróga sa chuardach

    Féadfaidh tú cuardaigh a dhéanamh leis an tsaoróg (réiltín) chomh maith. Cuir isteach é tar éis dhá cheann nó níos mó de ghnáthcharachtair a chlóscríobh. Sa dá íomhá thíos feicfidh tú na torthaí a fhaightear nuair a dhéantar cuardach do gach focal dar tús abl, agus do gach focal dar tús be agus dar críoch nt:

  • Feidhmeanna eile

    I dteannta na nithe atá luaite sa chéad rannóg eile thíos, féadfaidh tú teacht ar mhórfheidhmeanna uile an tsuímh idirlín san aip – comhaid ghramadaí, comhaid fuaime agus an fheidhm bhrabhsála.

  • Feidhmeanna a bhaineann go sonrach leis an aip

    Tá roinnt feidhmeanna ann atá ar fáil ar an aip nach bhfuil ar fáil ar an suíomh:
    Na focail is fearr liom – déan liosta de na hiontrálacha is fearr leat;
    Cuardaigh le déanaí – liosta de na focail a chuardaigh tú le déanaí.

Téarmaí agus Coinníollacha

Tá gach ceart a bhaineann leis an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge (FNBG), agus leis an aip, ar cosaint ag Foras na Gaeilge. Ní ceadmhach aon ábhar as an FNBG a fhoilsiú i bhfoirm chlóite nó leictreonach, ná saothrú tráchtála a dhéanamh air in aon fhoirm ar bith, seachas mar a cheadaítear faoi fhorálacha cóirdhéileála an dlí um chóipcheart sa dlínse a bhaineann le hábhar. Ní ceadmhach aon ábhar as an FNBG atá faoi chóipcheart a atáirgeadh nó a dháileadh gan cead scríofa a fháil roimh ré ó Fhoras na Gaeilge.

Bailiú agus Úsáid Faisnéise

Bailímid faisnéis maidir leis na gléasanna a úsáideann tú. Mar shampla, bailímid faisnéis maidir le do chuid crua-earraí agus bogearraí, ar nós leagan den chrua-earra, leagan den chóras oibriúcháin, cuimhne an ghléis, aitheantóirí fógraíochta, aitheantóirí uathúla feidhmchláir, aipeanna atá suiteáilte, aitheantóirí uathúla gléis, teanga, agus crios ama.

Faisnéis Logála

Bailímid faisnéis logála nuair a úsáideann tú ár n-aip. San áireamh san fhaisnéis sin, i measc rudaí eile, tá sonraí maidir leis an tslí a bhfuil ár gcuid seirbhísí úsáidte agat.

Príobháideachas Páistí

Tá ár seirbhís inrochtana ag duine ar bith faoi bhun aois 13 (“Páistí”). Ní bhailímid eolas inaitheanta pearsanta go feasach ó pháistí faoi bhun aois 13. Más tuismitheoir nó caomhnóir thú agus má tá a fhios agat gur chuir Páiste leat Eolas Pearsanta ar fáil dúinn, déan teagmháil linn, le do thoil. Má fhaighimid amach gur chuir Páiste faoi bhun aois 13 Eolas Pearsanta ar fáil dúinn, scriosfaimid an t-eolas céanna ónár gcuid freastalaithe láithreach.

An úsáid a bhainimid as faisnéis

Cén úsáid a bhainimid as an bhfaisnéis a bhailímid? Bainimid úsáid aisti chun ár gcuid táirgí agus seirbhísí a fhorbairt, a oibriú, a fheabhsú, a sheachadadh, a chothabháil agus a chosaint.