Cuir isteach an focal sa Bhosca Cuardaigh ar aon leathanach ar an suíomh agus cliceáil ar an gcnaipe cuardaigh:

(De rogha air sin, is féidir an cnaipe ‘Enter’ nó ‘Return’ a bhrú, nó a chomhionann, más gléas móibíleach atá in úsáid agat)
Má bhíonn an liosta anuas le feiceáil agus tú á chlóscríobh, is féidir leat an ceannfhocal atá uait a roghnú uaidh sin:

Féach thíos an físeán treorach agus an cur síos ar an bhfeidhm nua.
Is féidir anois focal nó frása a chuardach in ábhar Gaeilge an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge agus gach amas den rud a chuardaíonn tú a fheiceáil má tá sé le fáil san Fhoclóir. Cuirtear ar a súile do na húsáideoirí, ámh, nach bhfuil an cuardach Gaeilge chomh hiontaofa ná chomh héifeachtach leis an gcuardach Béarla san Fhoclóir, ar roinnt cúiseanna:
Ní foclóir Gaeilge-Béarla ach foclóir Béarla-Gaeilge é an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, agus ní fhaightear focail Ghaeilge nó bríonna d'fhocail Ghaeilge san Fhoclóir ach nuair a éilíonn ábhar Béarla an fhoclóra iad.
Mar shampla, má chuardaítear an focal 'fadhb' i bhFoclóir Uí Dhónaill tá cúig cinn de phríomhchialla ag gabháil leis; san Fhoclóir Nua níl ach ceann amháin luaite:

má lorgaítear focal Gaeilge san fhoclóir, is de réir ord aibítre na gceannfhocal Béarla a thugtar na torthaí cuardaigh, agus is minic nach í an bhrí is coitianta sa Ghaeilge a fheictear ar dtús, m.sh. má chuardaítear 'seomra':

Má lorgaítear focal Gaeilge, nó foirm d'fhocal Gaeilge, atá ar aon litriú le focal Béarla, faightear rogha cé acu Béarla nó Gaeilge atá á lorg, m.sh.:
Má chuardaítear ‘bean’, ar focal é i mBéarla agus i nGaeilge araon, tugtar rogha don úsáideoir idir an cuardach Béarla agus an cuardach Gaeilge:

Is féidir cliceáil ar an rogha ‘GA>EN’ chun cuardach a dhéanamh ar ‘bean’ sa Ghaeilge seachas sa Bhéarla:

Má lorgaítear focal Gaeilge, ní thugtar innéacs neasfhocal ná ceannfhocal Gaeilge mar threoir; arís, is foclóir Béarla-Gaeilge é seo agus is air sin atá na hinnéacsanna bunaithe.
Mar an gcéanna, má bhíonn botún litrithe sa chuardach, is rogha sa Bhéarla a thaispeántar; mar shampla, má chuardaítear ‘mor’ ní fios an ‘mór’ sa Ghaeilge a bhí i gceist, nó ‘more’ nó ‘moor’ sa Bhéarla.
De bharr gur foclóir Béarla-Gaeilge é seo, is iad na roghanna sa Bhéarla amháin a thaispeántar i gcónaí. Chomh maith leis sin, tá an cuardach Gaeilge fada-íogair, i.e. má chuardaítear ‘briste’ ní fhaightear ‘bríste’.
Ní hionann agus an cuardach Béarla (a aimsíonn gach foirm den fhocal a chuardaítear, m.sh. faightear ‘men’ chomh maith má chuardaítear ‘man’) ní aimsíonn an cuardach Gaeilge ach an focal nó an teaghrán litreacha beacht a ionchuirtear, m.sh. má ionchuirtear 'fear' ní fhaightear 'fir', 'fhir', 'bhfear' srl. Tá i gceist cuardach leamach sa Ghaeilge a chur leis an suíomh amach anseo.
Tá 48,000 iontráil (140,000 ciall) san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge anois. Mura bhfuil tú in ann teacht ar an bhfocal atá uait, bain triail as www.tearma.ie más téarma teicniúil é nó as English-Irish Dictionary (1959).
Féach thíos an físeán treorach agus an cur síos.
Nuair atá comhad fuaime ar fáil do leagan Gaeilge, cuirtear ar fáil i gcónaí sna trí mhórchanúint é – canúintí Chonnacht, na Mumhan agus Uladh. Ag brath ar cé acu canúint ba mhaith leat a chloisteáil, cliceáil ar an litir C, M nó U faoi seach, díreach taobh le deilbhín an challaire.
Ní raibh na comhaid fuaime ar fad réidh in am don chéad leagan den Fhoclóir, agus beifear ag cur leo sna míonna amach romhainn. Táthar ag tabhairt tosaíochta do na leaganacha aonfhoclacha, agus cuirfear na leaganacha ilfhoclacha san áireamh de réir a chéile.
Is mar threoir ghinearálta don fhoghlaimeoir i dtaca le fuaimniú an ábhair sna mórchanúintí atá comhaid fuaime as gach ceann de na trí mhórchanúint á gcur leis an ábhar Gaeilge, agus is cainteoirí dúchais as na mórcheantair Ghaeltachta atá ag guthú an ábhair. Aithnítear go bhféadfadh difríochtaí suntasacha a bheith i bhfuaimniú focal agus leaganacha laistigh de na mórchanúintí aonair, ach ní fhéadfaí riar ar il-leaganacha laistigh de mhórchanúint amháin agus measadh nárbh aon áis don fhoghlaimeoir a leithéid ach a mhalairt.
Rinneadh na comhaid fuaime a thástáil ar na leaganacha is deireanaí de na mórbhrabhsálaithe seo a leanas: Internet Explorer, Firefox, Chrome agus Safari. Mura bhfuil siad ag obair ar do bhrabhsálaí féin, d’fhéadfadh sé go bhfuil tú ag úsáid leagan níos sine, nó go bhfuil tú ag úsáid brabhsálaí seachas iad sin atá liostaithe.
Rinneadh na comhaid fuaime a thástáil chomh maith ar réimse leathan guthán agus táibléad, ach ar an drochuair ní fhéadfaí iad a thástáil ar gach uile chineál gaireas láimhe. Mura n-oibríonn siad ar do ghaireas féin, b’fhéidir gur déanamh atá as dáta é, nó b’fhéidir gur gá paraiméadar a choigeartú. Mholfaimis duit dul i dteagmháil le do sholáthróir má bhíonn aon deacrachtaí agat. B’fhiú a sheiceáil freisin an bhfuil na comhaid fuaime ag obair do do ghléas ar shuíomhanna eile seachas an Foclóir seo.
Féach thíos an físeán treorach agus an cur síos.
Cliceáil ar an lipéad roinn chainte atá díreach taobh leis an leagan Gaeilge. Mar shampla, má chuardaigh tú an ceannfhocal black agus más mian leat an t-eolas gramadaí don leagan Gaeilge dubh, cliceáil ar an lipéad ‘adj1’ in aice leis.
Tabhair faoi deara, ámh, nach dtaispeántar aon eolas gramadaí in amanna nuair a chliceáiltear ar an lipéad gramadaí. D’fhéadfadh sé seo tarlú ar dhá chúis:
Toisc nach bhfuil aon eolas gramadaí breise ann don roinn chainte sin. Mar shampla, sa cheannfhocal lung, nuair a úsáidtear mar cháilitheoir é, úsáidtear ginideach uatha nó ginideach iolra an bhunleagain Ghaeilge scamhóg:

Sa dá chás seo níl aon eolas gramadaí breise le taispeáint.
Níl an t-eolas gramadaí ar fáil inár mbunachar sonraí fós.
Ní raibh an t-eolas gramadaí ar fad réidh in am don chéad leagan den Fhoclóir, agus beifear ag cur leis sna míonna amach romhainn. Táthar ag tabhairt tosaíochta do na leaganacha aonfhoclacha, agus cuirfear na leaganacha ilfhoclacha san áireamh de réir a chéile.
Nuair a roghnaíonn tú an rogha Cuardach Casta (ón nasc go díreach faoin gcnaipe Cuardaigh), ní mór duit paraiméadar amháin ar a laghad, chomh maith leis an teanga, a líonadh isteach.
Tá dhá phríomhrogha sa Chuardach Casta:
Rogha 1: paraiméada(i)r agus teaghrán téacs;
nó
Rogha 2: paraiméada(i)r gan aon teaghrán téacs
Chun teacht ar gach sampla den fhocal 'interest' a bhfuil nod réimse 'AIRGEADAS' leis i dtéacs Béarla an Fhoclóra: cuir 'interest' sa bhosca cuardaigh, roghnaigh 'BÉARLA' sa bhosca teanga, agus roghnaigh 'AIRGEADAS' sa bhosca 'Réimse'.

Torthaí an Chuardaigh:

Chun teacht ar gach sampla den fhocal 'word' mar chuid de fhrása i dtéacs Béarla an Fhoclóra: cuir 'word' sa bhosca cuardaigh, roghnaigh 'BÉARLA' sa bhosca teanga, agus roghnaigh 'NA bhFRÁSAÍ' sa bhosca 'DÉAN CUARDACH I MEASC'.
Is nathanna cainte nó seanfhocail atá i gceist leis an lipéad ‘Frása’.

Torthaí an Chuardaigh:

Chun teacht ar gach sampla den fhocal 'maidin' mar chuid d’abairt shamplach i dtéacs Gaeilge an Fhoclóra: cuir 'maidin' sa bhosca cuardaigh, roghnaigh 'GAEILGE' sa bhosca teanga, agus roghnaigh 'NA nAISTRIÚCHÁIN AR SHAMPLAÍ ÚSÁIDE' sa bhosca 'DÉAN CUARDACH I MEASC'.

Torthaí an Chuardaigh:

Chun teacht ar gach frása a bhfuil an nod stíle 'NEAMHFHOIRMEÁLTA' leis i dtéacs Béarla an Fhoclóra: fág an bosca cuardaigh glan, roghnaigh 'BÉARLA' sa bhosca teanga, roghnaigh 'NA bhFRÁSAÍ' sa bhosca 'DÉAN CUARDACH I MEASC', agus roghnaigh 'NEAMHFHOIRMEÁLTA' sa bhosca stíle.

Torthaí an Chuardaigh:

Chun teacht ar gach leagan Gaeilge a bhfuil an nod stíle 'TÉARMA TEICNIÚIL' leis i dtéacs Gaeilge an Fhoclóra: fág an bosca cuardaigh glan, roghnaigh 'GAEILGE' sa bhosca teanga, agus roghnaigh 'TÉARMA TEICNIÚIL' sa bhosca stíle.

Torthaí an Chuardaigh:

Is féidir úsáid a bhaint as saoróga aon uair a chuireann tú téacs sa bhosca cuardaigh agus an Cuardach Casta á úsáid agat. Is iad * agus ? an dá shaoróg ar féidir úsáid a bhaint astu, mar atá thíos. Oibríonn na saoróga ar an téacs Gaeilge agus an téacs Béarla araon.
Cuardach: cas* = gach focal tar tús ‘cas’ gan aon teorainn ar líon na litreacha san fhocal.

Cuardach: cas? = gach focal dar tús ‘cas’ a bhfuil litir amháin i ndiaidh ‘cas’.

Faoi láthair is ag deireadh an teaghráin chuardaigh amháin ar féidir na saoróga a úsáid, faoi mar a léirítear thuas.
D’fhéadfadh roinnt fáthanna a bheith leis seo:
Má tá miondifríocht idir dhá leagan d’fhocal nó má tá leaganacha malartacha ag focal, d’fhéadfadh sé a bheith cláraithe san fhoclóir faoi leagan atá difriúil leis an gceann a chuardaigh tú féin. Mar shampla, má chuardaíonn tú logon, is amhlaidh a thaispeántar an ceannfhocal login:

I gcásanna mar sin, is ionann an t-aistriúchán Gaeilge don dá leagan den cheannfhocal.
Más é an litriú Meiriceánach a d’úsáid tú chun an focal a chuardach, seolfar chuig an litriú neamh-Mheiriceánach den cheannfhocal céanna thú. Mar shampla, má chuardaíonn tú anemia is amhlaidh a thaispeántar an ceannfhocal anaemia:

Má chuardaíonn tú focal nach bhfuil san fhoclóir, féachann an bogearra leis an bhfocal is cosúla leis a aimsiú. Mar shampla, nuair a chuardaíonn tú an focal civil, nach bhfuil foilsithe fós, taispeánann an foclóir civil war ina áit, an mheaitseáil is gaire do civil.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar fhocail nach bhfuil san fhoclóir go fóill, féach Cén fáth nach féidir liom teacht ar an bhfocal atá uaim?
Is féidir, ó iontráil eile, ó aon téacs ar an suíomh, nó lasmuigh den suíomh.
Cuir i gcás gur ar shuíomh an fhoclóra atá tú agus cuardach déanta agat ar an bhfocal login:

Cinneann tú gur mhaith leat breis eolais a fháil maidir leis an aistriúchán le haghaidh details, atá mar chuid den iontráil atá le feiceáil thuas. Níl le déanamh ach cliceáil faoi dhó ar an bhfocal details agus cliceáil uair amháin ar an lipéad ‘Translation’ atá le feiceáil os a chionn anois:

… taispeánfar an ceannfhocal detail anois:

Más ar shuíomh an fhoclóra atá tú, is féidir leat an fheidhm dhéchliceála a úsáid chun focal Béarla nach bhfuil laistigh d’iontráil san fhoclóir a chuardach in aon áit ar an suíomh. Mar shampla, is féidir leat déchliceáil ar an bhfocal Béarla ‘example’ san abairt seo chun é a chuardach – bain triail as anois!
Is féidir leat ár mbreiseán déchliceála a úsáid chun focail a chuardach ó do bhrabhsálaí féin leis an bhfeidhm dhéchliceála – féach An féidir liom an Foclóir Nua-Béarla Gaeilge a fháil ar bharra uirlisí mo bhrabhsálaí?
Is féidir an Cuardach Casta a úsáid chun samplaí de cheartúsáid na Gaeilge a aimsiú nó chun rialacha gramadaí a sheiceáil.
Cuir i gcás nach bhfuil tú cinnte an mbíonn séimhiú nó urú ar ainmfhocal tar éis an réamhfhocail ‘chuig’. Is féidir é seo a sheiceáil trí na paraiméadair seo a leanas a úsáid i scáileán an Chuardaigh Chasta:

Nuair a chliceálfaidh tú ar an gcnaipe cuardaigh, feicfidh tú na torthaí thíos:

Ó na torthaí atá aibhsithe i ndearg, feictear nach séimhítear ná nach n-uraítear an t-ainmfhocal nuair a thagann sé go díreach i ndiaidh 'chuig'; os a choinne sin, léiríonn na torthaí sna boscaí gorma gur gá séimhiú nó urú a chur ar an ainmfhocal i ndiaidh 'chuig an'.
(Tabhair faoi deara go dtugtar roinnt samplaí den fhocal 'chúig' i measc na dtorthaí thuas - tarlaíonn sé seo toisc go lorgaíonn an Cuardach Casta meaitseálacha beag beann ar an síneadh fada.)
Cuir i gcás nach mbeifeá cinnte an é an t-uatha nó an t-iolra den ainmfhocal a leanann uimhir ar leith - mar shampla, an ‘míle ceann’ nó ‘míle cinn’ a deirtear. Arís, cuir na trí pharaiméadar cuí isteach i scáileán an Chuardaigh Chasta:

Léiríonn na torthaí go soiléir gurb í foirm uatha an ainmfhocail a leanann an uimhir 'míle' i gcónaí:

Tá roinnt bealaí ann chuige sin:
Má tá 5 nó níos mó de phríomhbhríonna faoi iontráil, taispeántar bosca achoimre leis na bríonna ar fad ag barr an cheannfhocail. Mar shampla, má chuardaíonn tú an ceannfhocal dog feicfidh tú an méid seo a leanas:

Más iad na leaganacha Gaeilge le haghaidh dog mar bhriathar atá uait, ní gá ach cliceáil ar mhír 6 sa bhosca achoimre thuas. Scrollóidh sé seo thú díreach chuig an áit a dtosaíonn na leaganacha Gaeilge le haghaidh dog mar bhriathar:

I bhformhór na mbrabhsálaithe is féidir na heochracha CTRL+F a úsáid chun teaghrán téacs a aimsiú ar an scáileán. Dá mbeifeá, mar shampla, ag barr na hiontrála eat, atá sách fada ach gan bosca achoimre toisc go bhfuil níos lú ná 5 phríomhbhrí fúithi, agus abraimis gurbh é an briathar frásach eat up a bheadh uait. Sa chás sin níl le déanamh ach CTRL+F a bhualadh, an téacs 'eat up' a ionchur agus ENTER a bhrú; tabharfar díreach síos chuig an gcuid den iontráil atá uait anois thú:

Nuair a chuardaíonn tú aon fhocal san Fhoclóir, taispeánann an painéal Torthaí Cuardaigh ar dheis gach briathar frásach, frása agus iontráil chomhfhoclach ina bhfuil do theaghrán cuardaigh. Mar shampla, má chuardaíonn tú get, ceann de na hiontrálacha is faide san Fhoclóir, seo an rud a fheicfidh tú:

Má bhíonn an briathar frásach nó an iontráil chomhfhoclach atá uait le feiceáil sa phainéal Torthaí Cuardaigh, ní gá ach cliceáil air chun dul chuig an gcuid den iontráil is mian leat a fheiceáil (nó go deimhin chuig iontráil eile ar fad - féach thíos). Mar shampla, más mian leat breathnú ar an Ghaeilge le haghaidh get out, is féidir cliceáil ar an téacs seo sa phainéal Torthaí Cuardaigh mar a thaispeántar thíos:

Arís eile, déanfaidh sé seo tú a scrollú díreach chuig an gcuid den iontráil atá uait:

Is féidir leat freisin an Painéal Cuardaigh a úsáid chun ceannfhocal difriúil ar fad a roghnú más áil leat. Mar shampla, má chuardaíonn tú an ceannfhocal centre feicfidh tú an méid seo a leanas:

Más í an Ghaeilge le haghaidh day centre atá á lorg agat, cliceáil ar an gceannfhocal seo sna Torthaí Cuardaigh:

… agus taispeánfar an iontráil chomhfhoclach day centre duit:

Rinneadh an Foclóir a thástáil ar na leaganacha is deireanaí de na mórbhrabhsálaithe seo a leanas: Internet Explorer, Firefox, Chrome agus Safari. Mura bhfuil an Foclóir ag obair ar do bhrabhsálaí féin, d’fhéadfadh sé go bhfuil tú ag úsáid leagan níos sine, nó go bhfuil tú ag úsáid brabhsálaí seachas iad sin atá liostaithe.
Rinneadh an Foclóir a thástáil chomh maith ar réimse leathan guthán agus táibléad, ach ar an drochuair ní fhéadfaí é a thástáil ar gach uile chineál gaireas láimhe. Mura n-oibríonn sé ar do ghaireas féin, b’fhéidir gur déanamh atá as dáta é, nó b’fhéidir gur gá paraiméadar a choigeartú. Mholfaimis duit dul i dteagmháil le do sholáthróir má bhíonn aon deacrachtaí agat.
Tá aip an fhoclóra ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android araon. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach anseo.
Roghnaigh an rogha Brabhsáil ón mbarra uirlisí ag barr an scáileáin.
Roghnaigh an litir san aibítir atá uait:

Roghnaigh an raon is mian leat a bhrabhsáil:

Agus ar deireadh, roghnaigh an ceannfhocal nó na ceannfhocail aonair as an raon atá ar taispeáint is mian leat a fheiceáil:

Is féidir leat an cnaipe brabhsálaí siar a úsáid le filleadh ó thaispeáint an cheannfhocail chuig an liosta thuas agus tuilleadh ceannfhocal a thaispeáint más mian leat.
Fáiltítear roimh aiseolas ag aiseolas@focloir.ie.
Is féidir - féach an rannóg Uirlisí le haghaidh tuilleadh eolais.
Tá - féach an rannóg Uirlisí le haghaidh tuilleadh eolais.
Is féidir leat nasc chuig aon iontráil san Fhoclóir a ionsá in aon cháipéis is mian leat. Ní gá ach an URL ó do bhrabhsálaí a chóipeáil nuair a bhíonn an iontráil ábhartha á taispeáint ar an scáileán.
Mar shampla, má tá an iontráil abdomen á taispeáint ar do scáileán:

... is é seo an URL a bheidh i do bhrabhsálaí:

Ní gá ach an URL seo a chóipeáil chuig cibé áit ar gá duit é a ionsá. Mar shampla, má tá tú ag scríobh cáipéise faoi iontrálacha i bhfoclóirí difriúla, d'fhéadfá an URL a úsáid mar seo a leanas:
‘… agus seo sampla eile d'iontráil aonchiallach a bhfuil níos mó ná leagan Gaeilge amháin léi: focloir.ie/ga/dictionary/ei/abdomen?q=abdomen ...’
Tabhair faoi deara nach gá duit dul tríd an bpróiseas thuas más mian leat tagairt a dhéanamh d'iontráil trí ríomhphost; níl le déanamh ach cliceáil ar an deilbhín ríomhphoist ag barr ar dheis an scáileáin ina áit sin.