Giuirléid Chuardaigh don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge
Is bosca cuardaigh í an Ghiuirléid Chuardaigh is féidir a leabú i do shuíomh gréasáin féin. Tugann sé rochtain éasca do d’úsáideoirí ar an bhFoclóir.
Nuair a chuireann an t-úsáideoir cuardach isteach osclófar fuinneog nua ag taispeáint na dtorthaí cuardaigh / leaganacha Gaeilge ó https://www.focloir.ie/
Cad atá ag teastáil uaim?
Chun ár mbosca cuardaigh a shuiteáil ar do shuíomh gréasáin ní mór:
bheith in ann eagarthóireacht a dhéanamh ar fhoinse HTML do leathanach gréasáin
bheith in ann comhaid a lódáil chuig do fhreastalaí. Is comhaid JavaScript iad seo a mbeidh ár mbosca cuardaigh ag tagairt dóibh.
An bhfuil méideanna difriúla ar fáil?
Tá na 3 leagan thíos ar fáil, agus is féidir tuilleadh oiriúnaithe a dhéanamh orthu de réir mar a theastaíonn.
Beag
Meánmhéid
Mór
Cad atá le déanamh agam?
Lean na céimeanna thíos.
An féidir liom an ghiuirléid a shaincheapadh?
Is féidir an ghiuirléid a shaincheapadh ag úsáid HTML agus formáidiú CSS. Ní gá ach eagarthóireacht a dhéanamh ar an an stíl inlíne taobh istigh den HTML a greamaíodh isteach ó chéim 3.
Ní mór lógó an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a choinneáil taobh istigh den bhosca cuardaigh. Ní ceadmhach dathanna agus dreach an lógó a athrú.