move
verb
1 verb change position INTRANSITIVEbog verb corraigh verb gluais verb all the planets move bíonn na pláinéid ar fad ag gluaiseachtthe car was moving at great speed bhí an gluaisteán ag gluaiseacht ar luas an-ard, bhí an-luas faoin gcarrshe didn't move for a while níor bhog sí ar feadh tamaill, ní raibh cor aisti ar feadh scaithimhwe moved forward a few metres (also to move forwards) bhogamar ar aghaidh cúpla méadar, ghluaiseamar chun tosaigh méadar nó dhóhe moved over to the door bhog sé anonn go dtí an dorasshe was moving towards us bhí sí ag bogadh inár dtreo, bhí sí ag gluaiseacht inár dtreo, bhí sí ag déanamh orainnthey were moving about bhí siad ag bogadh timpeall, bhí siad ag gluaiseacht thart 2 verb also SPOR, COMP, GAMES change position INTRANSITIVEbog verb he moved first eisean is túisce a bhogthe rook moves in straight lines i línte díreacha a bhogann an caiseal
TRANSITIVEbog verb move your king bog do ríthe text to be moved is in red tá dath dearg ar an téacs atá le bogadh
Taispeáin iontráil iomlán
3 verb shift body 4 verb set in motion TRANSITIVEcuir ag bogadhcuir ag imeacht VPthe wind moved the weather-cock chuir an ghaoth an coileach gaoithe ag casadh 5 verb change residence, base
INTRANSITIVEbog verb aistrigh verb téigh a chónaí VPshe moved to Ireland bhog sí go hÉirinn, d'aistrigh sí go hÉirinnthe family moved around bhog an teaghlach ó áit go háit, d'aistrigh an teaghlach ó áit go háitthey moved away bhog siad ar shiúl, d'imigh siad leohe's moving back here tá sé ag bogadh ar ais anseo, tá sé ag aistriú ar ais anseo
TRANSITIVEbog verb aistrigh verb they're moving house tá siad ag bogadh chuig teach eile, tá siad ag aistriú tíI've moved jobs tá post nua faighte agam, tá mo phost athraithe agamhis section was moved to another office bogadh an rannóg s'aigesean chuig oifig eilethe company moved its headquarters d'aistrigh an comhlacht a cheanncheathrú, bhog an comhlacht a cheanncheathrú
6 verb time INTRANSITIVEimigh verb time moved fast d'imigh an t-am go tapa, chuaigh an t-am thart go sciobthaas time moved on le himeacht ama, de réir mar a d'imigh an t-am, de réir mar a chuaigh an t-am ar aghaidh 7 verb develop, change INTRANSITIVEshe left and things began to move d'imigh sí agus thosaigh rudaí ag bogadhshe moved away from music thug sí droim láimhe leis an gceolto move beyond sth bogadh ar aghaidh ó rud, rud a fhágáil i do dhiaidhteaching is moving in a new direction tá an teagasc ag dul i dtreo nuahe's moved from law to marketing tá sé tar éis athrú ón dlí chuig an margaíocht 8 verb change value INTRANSITIVEshares moved on the stock exchange d'athraigh luach scaireanna ar an stocmhalartánprices moved higher d'ardaigh praghsanna, tháinig ardú ar phraghsannarates are moving up and down tá rátaí ag ardú agus ag ísliú
TRANSITIVEthey've moved three points clear tá siad imithe trí phointe chun tosaigh, tá siad trí phointe chun tosaigh, tá farasbarr trí phointe acuthe crisis has moved petrol prices tá an ghéarchéim tar éis praghsanna peitril a athrúanother win would move them to the top of the league chuirfeadh bua eile go barr na sraithe iad
9 verb take action INTRANSITIVEthey're moving against crime tá siad ag dul i ngleic leis an gcoiriúlachtwe must move fast caithfimid beart a dhéanamh go tapa 10 verb change subject INTRANSITIVEtéigh ar aghaidh they moved to the next topic chuaigh siad ar aghaidh chuig an gcéad ábhar eile 11 verb reschedule TRANSITIVEathraigh verb they moved the wedding from Friday to Saturday d'athraigh siad an bhainis ón Aoine go dtí an Satharnto move sth forward (also to move sth forwards) rud a thabhairt chun tosaighhe moved the meeting back to 9 p.m. chuir sé an cruinniú siar go dtí 9 p.m. 12 verb change mind INTRANSITIVEthe company isn't moving on the issue of pay níl an comhlacht ag géilleadh ar cheist an phá
TRANSITIVEthey failed to move the government on this theip orthu intinn an rialtais a athrú faoi seo
13 verb promptspreag verb TRANSITIVEit moved him to return to college spreag sé é le dul ar ais ar an gcoláisteit moved her to tears chuir sé ag caoineadh í, bhain sé deora aistiit moved me to laughter chuir sé fonn gáire orm, bhain sé gáire asam 14 verb affect emotionally TRANSITIVEcorraigh verb téigh i bhfeidhm ar the music moved him chuaigh an ceol i bhfeidhm air, bhí sé corraithe ag an gceol 15 verb usually LAW formally propose TRANSITIVEmol verb it was moved that the report should be published moladh go bhfoilseofaí an tuairisc 16 verb socialise INTRANSITIVEthey moved among the same circle of friends bhí na cairde céanna acu 17 verb COMM, informal by sale TRANSITIVEdíol verb faigh réidh le VP faigh réitithe le VPwe had a sale to move surplus stock bhí sladmhargadh againn chun fáil réidh le farasbarr stoic, bhí sladmhargadh againn chun stoc barrachais a dhíol 18 verb informal travel fast INTRANSITIVEbog verb imigh verb they were fairly moving on the motorway bhí siad ag dul ar luas lasrach ar an mótarbhealach, bhí siad ag imeacht an-sciobtha ar an mótarbhealach, bhí siad á ghearradh ar an mótarbhealach 19 verb informal leave, hurry INTRANSITIVElet's get moving bogaimis linn, buailimis bóthar, seo linn
TRANSITIVEmove yourself! bog leat!, seo leat!, fág seo!
noun
20 noun of body, gesturebogadh masc cor masc1 one move and he'd be dead dá gcuirfeadh sé cor amháin as bheadh sé marbh, dá mbogfadh sé oiread na fríde bheadh sé marbhto make a move cor a chur asat, corraí masc4she made a move for the door thug sí iarraidh ar an doras, thug sí faoin dorashe saw their every move chonaic sé gach cor dár chuir siad díobh, chonaic sé gach bogadh dá ndearna siad 21 noun GAMES a play in chess etcbogadh masc imirt fem3 it's your move is leatsa bogadh, is leatsa an imirt, do shealsa atá ann 22 noun especially COMP, SPOR a team play in sport, game, etcgluaiseacht fem3 a good passing move gluaiseacht mhaith phasála 23 noun DANC stepsbogadh masc gluaiseacht fem3 24 noun changeit's a move towards peace céim i dtreo na síochána atá annhe's considering a career move tá sé ag smaoineamh ar ghairm eile a tharraingt chuige féin, tá sé ag smaoineamh ar a phost a athrú 25 noun of residence, place of businessbogadh masc aistriú masc they helped me make the move chuidigh siad liom bogadh, thug siad cúnamh dom aistriú 26 noun especially SPOR changing job, clubaistriú masc bogadh masc he rejected the move from Chelsea to Blackburn dhiúltaigh sé don aistriú ó Chelsea go Blackburn 27 noun premeditated actit was a significant move céim thábhachtach a bhí annwhat's the next move? cad é an chéad chéim eile?, céard é an chéad rud eile a dhéanfar?they've welcomed the latest move tá fáilte curtha acu roimh an gcor is deireanaíit's a move to limit his power is iarracht é le srian a chur lena chuid cumhachtato make a move beart a dhéanamh, gníomh a dhéanamh, bogadh a dhéanamhhe made some bad moves rinne sé cúpla droch-chinneadhit's up to her to make the first move is fúithise atá sé an chéad iarracht a dhéanamhit was a surprise move ba chor é nach raibh aon duine ag súil leisit was the first move towards peace ba é an chéad chéim chun na síochána é