Similar words :
••••

cuir

  cmu
verbbriathar (pr. láith. cuireann; fut. ; fáist. cuirfidh; past ; caite chuir; cond. ; coinn. chuirfeadh; vb.n. ; ainm br. cur) 1. Má chuireann tú rud nó rudaí in áit ar leith nó in eagar ar leith, bogann tú iad chun go mbeidh siad san áit nó san eagar atá i gceist agat.transitiveaistreach chuir sé gach rud ar ais sa bhosca cár chuir tú na cinn eile? cuir cúisín faoi chuir mé an eochair sa ghlas chuir sé a chos tríd chuir sí a lámha thart orm cuir an fón le do chluas cuirigí taobh le taobh iad 2. Má chuireann tú daoine nó rudaí éagsúla i ngrúpa nó i gcatagóir, measann tú gur leis an ngrúpa nó leis an gcatagóir sin a bhaineann siad.transitiveaistreach an gcuirfeá Liam sa chatagóir chéanna le hÚna? chuirfinn ise sa chéad áit ná cuir muidne agus iadsan sa bhád céanna 3. Nuair a chuireann tú rud éigin chuig duine nó chuig áit éigin, seolann tú an rud sin chuig an duine nó chuig an áit chuí, msh le seachadadh, sa phost nó go leictreonach.transitiveaistreach cá mhéad cárta Nollag a chuir tú? cuirim gach ceann acu ar ais cuirfidh mé chugat tríd an ríomhphost é cuireann siad airgead abhaile 4. Má chuireann tú rud éigin chuig duine atá in aice leat, tógann tú an rud sin i do lámh agus tugann tú dóibh é.transitiveaistreach cuir chugam an salann chuir sí an nóta timpeall 5. Má chuireann tú duine áit éigin, deir tú leo nó ordaíonn tú dóibh dul ansin, de ghnáth chun rud éigin a dhéanamh ansin.transitiveaistreach teachtaire a chur chuig duine cuirfidh siad duine éigin síos chun é a dheisiú cuireadh chuig an ospidéal í cuirfimid tacsaí chun tú a bhailiú 6. Má chuireann tú duine ag déanamh rud éigin, deir tú leo an rud sin a dhéanamh nó socraíonn tú go ndéanfaidís an rud sin.transitiveaistreach chuir siad ag obair mé láithreach / chuir siad i mbun oibre mé láithreach chuir sí ag ní soithí mé cuireadh cúpla maor ag coinneáil súil orthu cuireadh i mbun taighde mé 7. Má chuireann tú féin nó rud ar leith duine eile ag mothú, smaoineamh nó gníomhú ar bhealach ar leith, is mar gheall ortsa nó mar gheall ar an rud ar leith sin atá an duine eile ag mothú srl mar sin.transitiveaistreach tá sí do mo chur faoi bhrú chuir sé sin trína chéile í cuireann an ceol a chodladh iad cuireann an scéal ar fad in ísle brí mé chuir sé sin ag gáire iad chuirfeadh sé ag smaoineamh thú 8. Má chuireann tú duine nó rud éigin i riocht, staid nó cás ar leith, is mar gheall ortsa atá siad sa riocht srl sin.transitiveaistreach níor mhaith liom tú a chur i dtrioblóid cuireadh an criú i mbaol duine a chur as obair cuireadh an cluiche ar fionraí cuireadh i bpríosún iad 9. horticulturegairneoireacht, agriculturetalmhaíochtMá chuireann tú síol, planda nó barr, cuireann tú sa talamh, i bpota nó i gcréafóg iad chun go bhfásfaidh siad ansin.transitiveaistreach áit mhaith é le crann úll a chur níl an coirce curtha go fóill acu chuir mé roinnt síolta leitíseintransitiveneamhaistreach níor thosaíomar ag cur fós 10. Nuair a chuirtear duine marbh, cuirtear corp an duine sin i bpoll sa talamh agus clúdaítear an corp ansin le créafóg.transitiveaistreach cuirfear amárach é cá bhfuil sí curtha? 11. Má chuireann tú geall nó suim airgid ar rud éigin ar nós rás capall, cluiche, comórtas, toghchán, srl, tugann tú suim airgid do dhuine agus má bhíonn an toradh mar a thuar tusa tabharfaidh siadsan an tsuim airgid sin ar ais duit le hairgead breise, ach más toradh eile a bhíonn ann coinníonn an duine sin an t‑airgead a thug tú dóibh.transitiveaistreach geall a chur (ar dhuine/rud) chuir mé fiche euro ar an mBrasaíl 12. Má chuireann tú gaiste nó eangach, ullmhaíonn tú iad nó cuireann tú in áit ar leith iad chun breith ar dhuine nó ar rud éigin.transitiveaistreach gaiste a chur líon a chur 13. meteorologymeitéareolaíochtI gcúrsaí aimsire, nuair a bhíonn sé ag cur báistí, sneachta, srl, bíonn an bháisteach, sneachta, srl, ag titim as an spéir.transitiveaistreach tá sé ag cur báistí bhí sé ag cur sneachta go trom níor chuir sé an méid céanna fearthainne i mbliana thosaigh sé ag cur clocha sneachta 14. meteorologymeitéareolaíochtI gcúrsaí aimsire, má tá sé ag cur, tá báisteach nó fearthainn ag titim.intransitiveneamhaistreach níor chuir sé mórán aréir tá sé ag cur go trom má thosaíonn sé a chur Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ cuir air→ cuir amach→ cuir aníos→ cuir ar→ cuir as→ cuir as do→ cuir chuig→ cuir díot→ cuir fút→ cuir isteach→ cuir isteach ar→ cuir le→ cuir ó→ cuir romhat→ cuir siar→ cuir síos→ cuir síos ar→ cuir síos do→ cuir suas→ cuir suas do→ cuir suas le→ cuir tharat→ cuir thart→ cuir timpeall→ cuir tríd→ cuir uait→ cuir umat
Loading phrases and examples...