Similar words :
••••

cuir amach

Phrasal VerbsBriathra Frásacha 1. Is ionann rud a chur amach as meaisín nó as píosa trealaimh, msh diosca a chur amach as ríomhaire nó as seinnteoir, agus tabhairt ar an rud sin teacht amach trí chnaipe a bhrú nó meicníocht a oibriú.transitiveaistreach cuireann an seinnteoir amach an diosca go huathoibríoch 2. Má chuirtear duine amach as an áit ina gcónaíonn siad, tugtar orthu imeacht as an áit sin, de ghnáth mar gur sháraigh siad riail nó conradh.transitiveaistreach cuireadh amach as a dteach iad cuirfear amach ar an tsráid iad 3. Má chuireann duine, grúpa nó eagraíocht rud éigin amach, msh eolas, cáipéis, albam, srl, cuireann siad an rud sin ar fáil do dhaoine eile nó don phobal i gcoitinne.transitiveaistreach cuir scéala amach láithreach níl na sonraí curtha amach chuig na baill fós chuir siad preasráiteas amach tá albam nua curtha amach acu 4. horticulturegairneoireacht, botanyluibheolaíochtMá chuireann planda péacáin nó duilleoga amach, tosaíonn na péacáin nó duilleoga sin ag fás ar an bplanda.transitiveaistreach 5. Má chuireann tú ball coirp amach, msh do lámh nó do theanga, síneann tú amach ó do chorp é.transitiveaistreach chuir sí amach a lámh cuir amach do theanga ansin nóiméad 6. Má chuireann tú amach, tagann bia agus deoch ar ais aníos as do ghoile agus amach trí do bhéal.intransitiveneamhaistreach má thosaíonn an t‑othar ag cur amach 7. Má chuireann tú amach rud éigin atá ite nó ólta agat, tagann an rud sin ar ais aníos as do ghoile agus amach trí do bhéal.transitiveaistreach chuir sé amach an méid a bhí díreach ite aige 8. Má chuireann rud éigin teas, solas, gás nó boladh amach, táirgeann an rud sin iad agus cuireann sé amach uaidh iad trí phróiseas fisiceach nó ceimiceach.transitiveaistreach 9. gamescluichíMá chuireann tú amach cártaí imeartha nuair a bhíonn cluiche cártaí ar siúl, tugann tú na cártaí sin do na himreoirí atá páirteach sa chluiche.transitiveaistreachintransitiveneamhaistreach 10. sportspórtMá chuirtear duine nó foireann amach as cluiche nó as comórtas, ní bhíonn siad páirteach sa chluiche nó sa chomórtas sin a thuilleadh, de ghnáth toisc gur chaill siad nó toisc gur bhris siad riail éigin.transitiveaistreach cuireadh amach iad go luath sa chomórtas cé a chuir Doire amach anuraidh? 11. Is ionann clár raidió nó teilifíse a chur amach agus é a chraoladh chun gur féidir éisteacht leis ar an raidió nó breathnú air ar an teilifís.transitiveaistreach 12. Má chuireann tú amach bia nó deoch, tugann tú an bia nó deoch sin do dhaoine.transitiveaistreachintransitiveneamhaistreach 13. Má chuirtear duine amach as scoil nó as eagraíocht, iarrtar go hoifigiúil orthu fágáil mar gheall ar dhrochiompar éigin a bhí ar bun acu.transitiveaistreach cuireadh amach as an scoil iad mar gheall ar dhrochiompar→ cuir
Loading phrases and examples...