cuir thart
1. Má chuireann tú cáipéis, teachtaireacht, srl, thart, cuireann tú cóipeanna díobh chuig gach ball de ghrúpa ar leith.transitiveaistreach cuireadh nóta thart ina leith seo inné 2. Má chuirtear scéala, ráfla, srl, thart, scaiptear iad i gceantar nó i bpobal ar leith. transitiveaistreach tá ráfla á chur thart go ... 3. Má chuirtear rud éigin fisiciúil, msh deoch, milseáin, srl, thart i measc grúpa daoine, cuirtear ó dhuine go duine é.transitiveaistreach cuirigí thart an súlach 4. Má chuireann tú an t‑am nó tréimhse ama thart ar bhealach ar leith, caitheann tú an t‑am sin, go háirithe toisc go mbíonn tú ag fanacht le rud éigin nó toisc nach mbíonn rud ar bith eile le déanamh agat.transitiveaistreach chuir mé an lá thart ag léamh agus ag breathnú ar an teilifís cuirfidh sé cúpla uair an chloig thart dóibh→ cuir Loading phrases and examples...