Similar words :
••••

cuir síos

Phrasal VerbsBriathra Frásacha 1. telecommunicationsteileachumarsáidMá chuireann tú síos an guthán, cuireann tú deireadh le glao gutháin.transitiveaistreach ba cheart duit an guthán a chur síos láithreach an guthán a chur síos ar dhuine 2. Má chuireann tú tine síos, cuireann tú ábhar na tine le chéile agus lasann tú an tine.transitiveaistreach cuir síos an tine ansin, tá sé fuar go leor 3. Má chuireann tú citeal, pota, friochtán, srl, síos, cuireann tú ar siúl iad nó cuireann tú á dtéamh le lasair nó le tine iad chun an t‑uisce nó bia atá iontu a théamh nó a chócaráil.transitiveaistreach cuir síos an citeal ar dtús chuir sé pota mór stobhaigh síos 4. Má chuireann tú bia nó deoch síos, cuireann tú á dtéamh nó á gcócaráil i gciteal, pota, friochtán, srl, iad chun gur féidir an bia nó deoch a ithe nó a ól.transitiveaistreach cuirfidh mé an tae síos anseo abair leis na prátaí a chur síos 5. Má chuireann tú síos rud éigin a bhíonn ar an talamh nó sa talamh, msh cairpéad, dúshraith, cáblaí, srl, cuireann tú go cúramach ina n‑ionad buan iad.transitiveaistreach nuair a bhíonn tú ag cur síos tíleanna tá dúshraith an tí nua á cur síos 6. Má chuireann tú síos d'ainm, ráiteas, sonra, srl, scríobhann tú síos iad nó cuireann tú ar taifead iad.transitiveaistreach cuir m'ainmse síos ina chomhair cuir 10 euro síos domsa 7. Má chuireann tú síos an raidió nó an teilifís, nó an fhuaim atá ag teacht uathu, íslíonn tú an fhuaim chun nach mbeidh sí róghlórach.transitiveaistreach abair leis an raidió sin a chur síos beagán an fhuaim a chur síos→ cuir
Loading phrases and examples...