Focail chosúla :
••••

taobh istigh

  cmu
adverbial phrasefrása dobhriathartha 1. Úsáideann tú taobh istigh chun a léiriú go bhfuil duine nó rud éigin suite nó ag tarlú laistigh de spás nó d'áit a bhfuil taobhanna, balla nó teorainn timpeall orthu, msh seomra, foirgneamh, coimeádán, limistéar, srl, seachas lasmuigh díobh. bhí an glas briste agus bhí mé sáinnithe taobh istigh bhí an fhuinneog oscailte agus chuala mé guthanna taobh istigh bhí nóta taobh istigh 2. Úsáideann tú taobh istigh chun a léiriú go bhfuil duine nó rud laistigh d'fhoirgneamh seachas amuigh faoin aer. d'fhan siad taobh istigh mar bhí sé ag báisteach is féidir roinnt de na gníomhaíochtaí a dhéanamh taobh istigh adjectival phrasefrása aidiachtach 3. Is ionann an chuid taobh istigh de rud agus an chuid is gaire don lár, a bhfuil cuid eile taobh amuigh di nó timpeall uirthi. an balla taobh istigh bhí cábán taobh istigh againn teorainn taobh istigh an chreasa 4. Is ionann gníomhaíochtaí, imeachtaí nó rudaí taobh istigh agus cinn a tharlaíonn, a dhéantar nó a úsáidtear laistigh d'fhoirgneamh seachas amuigh faoin aer. imeachtaí taobh istigh súgradh taobh istigh SubformsSainfhoirmeacha → an taobh istigh PhrasesNathanna taobh istigh de 1. Úsáideann tú taobh istigh de chun a léiriú go bhfuil duine nó rud éigin suite nó ag tarlú laistigh de spás nó d'áit ar leith a bhfuil taobhanna, balla nó teorainn timpeall orthu, msh seomra, foirgneamh, coimeádán, limistéar, srl, seachas lasmuigh díobh. bhí sé taobh istigh den seomra sna scoileanna taobh istigh den Ghaeltacht 2. Má tharlaíonn nó má dhéantar rud éigin taobh istigh de thréimhse ama ar leith, tarlaíonn sé nó déantar é sula mbíonn an méid sin ama caite. taobh istigh de chúig bhomaite faigheann tú na torthaí taobh istigh de chúpla lá díoladh gach ticéad taobh istigh de 24 uair 3. Má tá nó má tharlaíonn rud éigin taobh istigh d'fhad ar leith, tá nó tarlaíonn an rud sin níos lú ná an fad sin ar shiúl. níl otharlann ar bith taobh istigh de nócha ciliméadar díobh bíonn an cadhnra ídithe taobh istigh de chúpla céad méadar
Loading phrases and examples...