taobh amuigh
cmu 1. Úsáideann tú taobh amuigh chun a léiriú go bhfuil duine nó rud éigin suite nó ag tarlú lasmuigh de spás nó d'áit a bhfuil taobhanna, balla nó teorainn timpeall orthu, msh seomra, foirgneamh, coimeádán, limistéar, srl, seachas laistigh díobh. d'fhan sí taobh amuigh mar bhí an seomra plódaithe pháirceáil siad taobh amuigh ar an mbóthar 2. Úsáideann tú taobh amuigh chun a léiriú go bhfuil duine nó rud amuigh faoin aer seachas laistigh d'fhoirgneamh. tá sé rófhuar le suí taobh amuigh déanfaimid taobh amuigh é más féidir 3. Is ionann an chuid taobh amuigh de rud agus an chuid is faide amach ón lár, a bhfuil cuid eile taobh istigh di nó timpeallaithe aici. an balla taobh amuigh bhí cábán taobh amuigh againn an teorainn taobh amuigh 4. Is ionann gníomhaíochtaí, imeachtaí nó rudaí taobh amuigh agus cinn a tharlaíonn, a dhéantar nó a úsáidtear amuigh faoin aer seachas laistigh d'fhoirgneamh. imeachtaí taobh amuigh súgradh taobh amuigh → an taobh amuigh taobh amuigh de 1. Úsáideann tú taobh amuigh de chun a léiriú go bhfuil duine nó rud éigin suite nó ag tarlú lasmuigh de spás nó d'áit ar leith a bhfuil taobhanna, balla nó teorainn timpeall orthu, msh seomra, foirgneamh, coimeádán, limistéar, srl, seachas laistigh díobh. bhí sé taobh amuigh den seomra sna scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht 2. Úsáideann tú taobh amuigh de nuair a bhíonn tú ag trácht ar an aon rud amháin nó ar an aon duine amháin nach mbaineann ráiteas ar leith leo, nó ar an aon fhíric amháin a fhágann nach bhfuil ráiteas ar leith fíor go hiomlán. bhí gach duine i láthair taobh amuigh de Chaitlín ní raibh aon bhaint agam leo taobh amuigh de sin taobh amuigh de sin, tá gach rud réidh ón taobh amuigh Is ionann duine nó rud ón taobh amuigh, msh saineolaí, nós, srl, agus duine nó rud a thagann nó a thugtar isteach chuig ceantar, grúpa nó timpeallacht nach raibh baint acu leo roimhe sin. thug siad saineolaithe ón taobh amuigh isteach tionchar ón taobh amuigh Loading phrases and examples...