Focail chosúla :

siar

 cmu
adverbdobhriathar 1. Ag dul i dtreo an iarthair, i.e. an aird chompáis ina bhféachann tú tráthnóna chun an ghrian a fheiceáil ag dul faoi téann an bóthar siar go dtí an cósta má bhreathnaíonn tú siar sheol siad siar díreach thugamar ár n-aghaidh siar ar a mbealach siar tá aghaidh an tí siar tá sé 50 km siar uainn tá sé níos faide siar ná seo uaidh sin siar 2. Má bhogann tú siar, bogann tú i dtreo do chúil nó sa treo atá contrártha leis an treo ina bhfuil d'aghaidh. ar mhiste libh bogadh siar píosa beag? seas siar ansin chaith sí an liathróid siar thar a gualainn níor amharc sé siar oiread is uair amháin tá stáisiún peitril míle siar an bóthar 3. Má bhogann nó má shuíonn tú siar i gcathaoir, ar leaba, srl, bogann tú uachtar do choirp i dtreo do chúil go dtí go mbíonn tú i do leathluí nó i do luí go cothrom. shuigh sí siar ar an tolg luigh sé siar sa chathaoir luigh siar ansin agus déan do scíth chaith mé mé féin siar ar an leaba 4. Má bhogann rud éigin siar i spás dúnta nó siar faoi rud éigin, bogann sé níos faide isteach sa spás sin agus ar shiúl ón taobh oscailte den spás. cuir an maipín níos faide siar i do bhéal bhrúigh sé i bhfad siar faoin leaba é bhí eagla orm dul siar níos faide san uaimh 5. Má théann bia, deoch, srl, siar i do ghoile, bogann sé ó do bhéal trí do scornach chuig do ghoile. d'ól sí siar é rud a shlogadh siar 6. Is ionann dul siar san am, sa stair, i seicheamh, i bpróiseas, srl, agus dul ar ais chuig pointe níos luaithe iontu. téann an nós sin siar chuig na Meánaoiseanna bhí mé ag smaoineamh siar ar laethanta m'óige an féidir linn dul siar chuig tús an taifeadta? gheobhaidh tú an dán cúpla leathanach siar 7. Is ionann dul siar san am, i seicheamh, i bpróiseas, srl, agus dul ar aghaidh chuig pointe níos déanaí iontu. an féidir linn seo a bhogadh siar go dtí deireadh an chruinnithe? tá an cás curtha siar cúpla mí adjectiveaidiacht 8. Ag dul i dtreo an iarthair, i.e. an aird chompáis ina bhféachann tú tráthnóna chun an ghrian a fheiceáil ag dul faoi an bóthar siar 9. Is ionann gluaiseacht, amharc, srl, siar agus cinn i dtreo do chúil nó sa treo atá contrártha leis an treo ina bhfuil d'aghaidh. féachaint siar luascadh siar pas siar
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...