Focail chosúla :

sibh

 cmu
Personal pronoun, 2nd person pluralForainm pearsanta, 2ú pearsa iolra Úsáideann tú sibh chun tagairt do na daoine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar ainmní gnáthbhriathair;mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. (A) mar ainmní gnáthbhriathair tá sibh gnóthach ní thiocfaidh sibh ar ais ar thit sibh in bhur gcodladh? b'fhearr leo sibh a bheith ciúin (B) mar chuspóir gnáthbhriathair chonaic sé sibh ní aithním sibh níor gortaíodh sibh nuair a íocfar sibh an féidir léi sibh a chloisteáil? ba mhaith leo sibh a stopadh (C) mar ainmní na copaile is ealaíontóirí sibh / ealaíontóirí is ea sibh ní maith leis sibh ba as an gceantar céanna sibh is sibh na húinéirí 'An muid na buaiteoirí?' 'Is sibh.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail is sibh a roghnaigh iad is sibh a roghnaigh siad ní sibh a thosaigh an raic déarfainn gur sibh ba chúis leis, ceart go leor nach sibh féin a scríobh é? ní sibh is measa (E) mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir sibh agus an doras beidh siad go breá gan sibh gach duine ach sibh
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...