ochtar
cmu Usage NoteNóta Úsáide 1. Úsáidtear ochtar mar uimhir phearsanta roimh ainmfhocail a sheasann do dhaoine, msh fear, bean, páiste, múinteoir, srl, nuair a bhíonn ocht nduine i gceist, cé acu mar ghrúpa le chéile nó mar líon de dhaoine ar leithligh. gan 'an' roimhe bhí ochtar Éireannach ann ochtar cailíní cumasacha / ochtar girseach cumasach obair ochtar saoistí broidiúla / obair ochtar maor broidiúil scoláireachtaí d'ochtar déagóirí le 'an' roimhe cháiligh an t-ochtar Éireannach an t-ochtar cailíní cumasacha / an t-ochtar girseach cumasach obair an ochtar saoistí broidiúla / obair an ochtar maor broidiúil maoiniú don ochtar taighdeoirí (gen.sg. g.u. ochtair; nom.pl. ; a.i. ochtair; gen.pl. ; g.i. ochtar) 2. Ocht nduine, cé acu mar ghrúpa le chéile nó mar líon de dhaoine ar leithligh d'fhág ochtar ochtar againn / ochtar dínn ochtar den fhoireann tháinig ochtar na hÉireann sa tríú háit oibríonn siad ina n-ochtair lóistín d'ochtar grúpaí ochtair tá ochtar cumasach ansin acu tuarastal ochtar cáilithe / tuarastal ochtair cháilithe formalfoirmeálta an t-ochtar céanna arís ainmneacha an ochtair chlúitigh 3. Ocht rud, ainmhí, srl, cé acu mar ghrúpa in éineacht le chéile nó mar líon de rudaí, ainmhithe, srl, ar leithligh tá ochtar fágtha sa bhosca ochtar de na scéalta bhris ochtar acu / bhris ochtar díobh díoltar ina n-ochtair iad Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...