ochtú
cmu 1. Is ionann an t-ochtú duine nó rud agus an duine nó rud a chomhaireann tú mar uimhir a hocht nó mar an 8ú duine nó rud i sraith nó in ord. le 'an' roimhe an t-ochtú botún beag / an t-ochtú hearráid bheag an t-ochtú lá den agóid an t-ochtú ceann sa tsraith san ochtú céad / san ochtú haois den ochtú huair ar an ochtú hurlár tar éis an ochtú clár beo ba ise an t-ochtú duine a cháiligh seo an t-ochtú cluiche acu an t-ochtú cathair is mó ar domhan chríochnaigh sé san ochtú háit ón deireadh gan 'an' roimhe seo a n-ochtú cluiche ochtú postáil Ghaeilge na bliana le 'is' agus iolraithe de 10 an t-ochtú huair is fiche tús an ochtú bliain is caoga (gen.sg. g.u. ochtú; nom.pl. ; a.i. ochtuithe; gen.pl. ; g.i. ochtuithe) 2. Mar chodán, is ionann aon ochtú nó 1/8 de rud agus ceann amháin de na codanna a fhaightear nuair a roinntear an rud sin ina ocht gcuid chothrom. aon ochtú de shoicind trí ochtú den bhuiséad an t-ochtú cuid Mar chodán, is ionann an t-ochtú cuid agus 1/8 de rud nó ceann amháin de na codanna a fhaightear nuair a roinntear an rud sin ina ocht gcuid chothrom. an t-ochtú cuid den bhuiséad an t-ochtú lá Úsáidtear an t-ochtú lá nuair a bhítear ag tagairt don 8ú lá i mí ar leith mar dháta. an t-ochtú lá d'Eanáir Dé Luain, an t-ochtú lá de Lúnasa tá sí ag teacht ar an ochtú lá tar éis an ochtú lá an t-ochtú lá is fiche Úsáidtear an t-ochtú lá is fiche nuair a bhítear ag tagairt don 28ú lá i mí ar leith mar dháta. an t-ochtú lá is fiche d'Eanáir Dé Luain, an t-ochtú lá is fiche de Lúnasa tá sí ag teacht ar an ochtú lá is fiche tar éis an ochtú lá is fiche an t-ochtú lá fichead Úsáidtear an t-ochtú lá fichead nuair a bhítear ag tagairt don 28ú lá i mí ar leith mar dháta. an t-ochtú lá fichead d'Eanáir Dé Luain, an t-ochtú lá fichead de Lúnasa tá sí ag teacht ar an ochtú lá fichead tar éis an ochtú lá fichead Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...