ochtú ... déag
Is ionann an t-ochtú duine nó rud déag agus an duine nó rud a chomhaireann tú mar uimhir a hocht déag nó mar an 18ú duine nó rud i sraith nó in ord. le 'an' roimhe an t-ochtú botún beag déag / an t-ochtú hearráid bheag déag an t-ochtú lá déag den agóid an t-ochtú ceann déag sa tsraith san ochtú céad déag / san ochtú haois déag den ochtú huair déag ar an ochtú hurlár déag tar éis an ochtú clár beo déag ba ise an t-ochtú duine déag a cháiligh seo an t-ochtú cluiche déag acu an t-ochtú cathair déag is mó ar domhan chríochnaigh sé san ochtú háit déag ón deireadh gan 'an' roimhe seo a n-ochtú cluiche déag ochtú postáil Ghaeilge déag na bliana an t-ochtú cuid déag Mar chodán, is ionann an t-ochtú cuid déag agus 1/18 de rud nó ceann amháin de na codanna a fhaightear nuair a roinntear an rud sin ina ocht gcuid chothrom déag. an t-ochtú cuid déag den bhuiséad an t-ochtú lá déag Úsáidtear an t-ochtú lá déag nuair a bhítear ag tagairt don 18ú lá i mí ar leith mar dháta. an t-ochtú lá déag d'Eanáir Dé Luain, an t-ochtú lá déag de Lúnasa tá sí ag teacht ar an ochtú lá déag tar éis an ochtú lá déag Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...