Focail chosúla :

dearmad

 cmu
verbal nounainm briathartha 1. dearmad is the verbal noun for every sense of the verb Is é dearmad an t-ainm briathartha le haghaidh gach brí den bhriathar dearmad. masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. dearmaid; nom.pl. ; a.i. dearmaid; gen.pl. ; g.i. dearmad) 2. Má dhéanann tú dearmad, déanann tú rud nach raibh i gceist agat a dhéanamh, nó rud a thugann toradh nach raibh uait. rinne sé dearmad / bhain dearmad dó 3. Má tá dearmad ann, ní dhearna duine éigin rud éigin a bhí i gceist acu a dhéanamh mar nár chuimhnigh siad air nó nár thug siad aird cheart air. ba dhearmad é sin againne mo dhearmad! verbbriathar (pr. láith. dearmadann; fut. ; fáist. dearmadfaidh; past ; caite dhearmad; cond. ; coinn. dhearmadfadh; vb.n. ; ainm br. dearmad) 4. Má dhearmadann tú rud éigin, ní féidir leat cuimhneamh ar an rud sin nó ní cuimhin leat é níos mó.transitiveaistreach dhearmad mé an pasfhocal ná dearmad do bhaile go deo! 5. Má dhearmadann tú rud éigin a dhéanamh, ní chuimhníonn tú air nuair ba chóir duit.transitiveaistreach dhearmad sí íoc as an bpáirceáil is furasta na mionrudaí a dhearmad PhrasesNathanna dearmad a bheith ort Má tá dearmad ort faoi rud éigin, tá tuairim chontráilte agat faoi. tá dearmad ort mura bhfuil dearmad orm dearmad a dhéanamh ar rud (also dearmad a dhéanamh de rud) 1. Má tá dearmad déanta agat ar rud éigin, ní féidir leat cuimhneamh air nó ní cuimhin leat é níos mó. tá dearmad déanta agam air / tá dearmad déanta agam de ní dhéanfaidh mé dearmad ar an lá sin choíche 2. Má dhéanann tú dearmad ar rud éigin a dhéanamh, ní chuimhníonn tú air nuair ba chóir duit. rinne mé dearmad glan air / rinne mé dearmad glan de duine/rud a ligean i ndearmad Má ligeadh duine nó rud i ndearmad, níor coinníodh i gcuimhne iad nó ní raibh cuimhne orthu níos mó. tá sé sin uilig ligthe i ndearmad
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...