Focail chosúla :

-sa

Emphatic suffix, 1st person singularIarmhír threise, 1ú pearsa uatha 1. Úsáideann tú an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gur tusa atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'mo' rompu chun a threisiú gur leatsa an rud atá i gceist nó gur leatsa a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'mo theachsa', 'mo chóta mórsa'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do mo' roimhe chun a threisiú gur ortsa atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do mo ghortúsa', 'do m'ullmhúsa'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáideann tú -sa. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'mo' an bhfuil mo sheoladhsa agat? is i mo sheomrasa atá sé tá mo bhus-sa déanach tá mo phleansa níos cuimsithí bhí mo bhrógasa sa charr d'ainneoin m'ofrálasa meáchan mo chásannasa (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'mo' dath mo bhrístí gearrasa níl m'fhón pócasa chomh maith céanna tá mo bhosca isteachsa lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do mo' beidh sí do mo chrása anois an do mo lorgsa a bhí siad? ní do mo cháineadhsa a bhíothas Emphatic suffix, 2nd person singularIarmhír threise, 2ú pearsa uatha 2. Úsáideann tú an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gurb iad an duine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'do' rompu chun a threisiú gur leis an duine sin an rud atá i gceist nó gur leosan a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'do theachsa', 'do chóta mórsa'; (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do do' roimhe chun a threisiú gur ar an duine sin atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do do ghortúsa', 'do d'ullmhúsa'; nó (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa uatha chun a threisiú gurb iad an duine sin atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'bheifeása', 'fansa'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáideann tú -sa. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'do' an bhfuil do sheoladhsa acu? is i do sheomrasa atá sé tá do bhus-sa déanach tá do phleansa níos cuimsithí bhí do bhrógasa sa charr d'ainneoin d'ofrálasa meáchan do chásannasa (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'do' dath do bhrístí gearrasa níl d'fhón pócasa chomh maith céanna tá do bhosca isteachsa lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do do' beidh sí do do chrása anois an do do lorgsa a bhí siad? ní do do cháineadhsa a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa uatha bheifeása níos cáilithe ná eisean fágsa ar ais é, mar sin Possessive adjective, 3rd person singular feminineAidiacht shealbhach, 3ú pearsa uatha baininscneach 3. Cuirtear an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gur bean nó cailín ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'a' (sa 3ú pearsa uatha baininscneach) rompu chun a threisiú gur léise an rud atá i gceist nó gur léise a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'a teachsa', 'a cóta mórsa'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'á' (an 3ú pearsa uatha baininscneach) roimhe chun a threisiú gur uirthise atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'á gortúsa', 'á hullmhúsa'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáidtear -sa. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'a' an bhfuil a seoladhsa acu? is ina seomrasa atá sé tá a bus-sa déanach tá a pleansa níos cuimsithí bhí a brógasa sa charr d'ainneoin a hofrálasa meáchan a cásannasa (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'a' dath a brístí gearrasa níl a fón pócasa chomh maith céanna tá a bosca isteachsa lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'á' beidh siad á crása anois an á lorgsa a bhí siad? ní á cáineadhsa a bhíothas 4. Cuirtear an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmhí baineann ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. 5. Cuirtear an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmfhocal baininscneach ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. tóg an chasóg eile, tá a cochallsa níos fearr Emphatic suffix, 2nd person pluralIarmhír threise, 2ú pearsa iolra 6. Úsáideann tú an iarmhír -sa ag deireadh focail chun a threisiú gurb iad na daoine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'bhur' rompu chun a threisiú gur leosan an rud atá i gceist nó gur leosan a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'bhur dteachsa', 'bhur gcótaí mórasa'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do bhur' roimhe chun a threisiú gur orthusan atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do bhur ngortúsa', 'do bhur n-ullmhúsa'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáideann tú -sa. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'bhur' an bhfuil bhur seoladhsa acu? is in bhur seomrasa atá sé tá bhur mbus-sa déanach tá bhur bpleansa níos cuimsithí bhí bhur mbrógasa sa charr d'ainneoin bhur n-ofrálasa meáchan bhur gcásannasa (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'bhur' dath bhur mbrístí gearrasa níl bhur bhfóin phócasa chomh maith céanna tá bhur mbosca isteachsa lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do bhur' beidh sí do bhur gcrása anois an do bhur lorgsa a bhí siad? ní do bhur gcáineadhsa a bhíothas
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...