Focail chosúla :

-na

Emphatic suffix, 1st person pluralIarmhír threise, 1ú pearsa iolra Úsáideann tú an iarmhír -na ag deireadh focail chun a threisiú gur tusa in éineacht le duine nó le daoine eile mar ghrúpa atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'ár' rompu chun a threisiú gur libhse an rud atá i gceist nó gur libhse a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'ár dteachna', 'ár gcótaí mórana'; (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'dár' roimhe chun a threisiú gur oraibhse atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'dár ngortúna', 'dár n-ullmhúna'; nó (C) ag deireadh foirm tháite briathair san 1ú pearsa iolra chun a threisiú gur sibhse atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'bhíomarna', 'ritheamarna'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan leathan nó ar ghuta leathan a úsáideann tú -na. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'ár' an bhfuil ár seoladhna agat? is inár seomrana atá sé tá ár mbusna déanach tá ár bplean-na níos cuimsithí bhí ár mbrógana sa charr d'ainneoin ár n-ofrálana meáchan ár gcásannana (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'ár' dath ár mbrístí gearrana níl ár bhfóin phócana chomh maith céanna tá ár mbosca isteachna lán (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'dár' beidh sí dár gcrána anois an dár lorgna a bhí siad? ní dár gcáineadhna a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar san 1ú pearsa iolra d'fhágamarna ag leath ama d'íocamarna ag an doras
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...