worry
1 verb feel anxious INTRANSITIVEimní a bheith ort bheith buartha bheith imníochbuairt a bheith ortshe was worried about the reputation of the family bhí imní uirthi faoi chlú an teaghlaigh, bhí sí buartha faoi ainm an teaghlaighI started to worry about the journey tháinig imní orm faoin turas, thosaigh mé ag déanamh imní den turas, d'éirigh mé buartha faoin turasdon't worry about it ná bíodh aon imní ort faoi, ná buair do cheann faoishe doesn't have to worry that she's going to lose her job ní gá di aon imní a bheith uirthi go gcaillfidh sí a post, ní call di a bheith ag déanamh imní faoina post a chailleadhthere's nothing to worry about níl aon údar imní ann 2 verb make sb anxious TRANSITIVEimní a chur ar buairt a chur ar the latest figures are worrying the government tá na figiúirí is déanaí ina n-ábhar imní ag an rialtas, tá an rialtas buartha faoi na figiúirí is déanaíthe news didn't worry him in the least níor chuir an scéala isteach ná amach air, níor chuir an scéala lá braodair airwhat really worries me are the food additives an rud is mó a chuireann imní ormsa ná na breiseáin bhia, na breiseáin bhia an t-ábhar buartha is mó atá agamsait worries me that it might spread cuireann sé imní orm go bhféadfadh sé scaipeadhshe worried herself sick chéas sí í féin le himní, chuaigh an bhuairt idir í agus codladh na hoíchedon't worry yourself by trying to understand it ná bí do do chrá féin ag iarraidh é a thuiscint, ná buair thú féin ag iarraidh é a thuiscint, ná bí ag cur imní ort féin ag iarraidh é a thuiscintdon't worry yourself about me ná bíodh aon imní ort fúmsa, ná bí ag déanamh imní díomsa, ná buair do cheann fúmsayou needn't worry yourself! ná cuireadh sé aon imní ort!, nach cuma duit!Taispeáin iontráil iomlán
3 verb annoy, bother sb TRANSITIVEcuir as do cuir isteach ar it wouldn't worry me if I failed ní chuirfeadh sé as dom dá dteipfeadh orm, ní dhéanfadh sé lá tinnis dom dá dteipfeadh ormI couldn't worry my parents about my health ní fhéadfainn imní a chur ar mo thuismitheoirí faoi mo shláinte, ní fhéadfainn a bheith ag cur imní ar mo thuismitheoirí faoi mo shláintewhat's worrying you? cad é atá ag déanamh buartha duit?, cad é atá ag cur buartha ort? 4 verb alarm, attack livestock TRANSITIVEciap verb lean verb téigh i ndiaidh the dogs were worrying the sheep bhí na madraí i ndiaidh na gcaorach, bhí na madraí ag ciapadh na gcaorach, bhí na madraí ag sárú na gcaorach, bhí na madraí ag leanúint na gcaorach 5 verb chew, tear at (sth) TRANSITIVEcnaígh verb the dog was worrying a bone bhí an madra ag cnaí cnáimhe, bhí an madra ag cogaint ar chnámh, bhí an madra ag spochadh le cnámh 6 noun cause of concernábhar imní ábhar buartha údar buarthabullying is a major worry for parents ábhar imní mór ag tuismitheoirí is ea an bhulaíocht, tá an bhulaíocht ina húdar mór buartha ag tuismitheoirí, bíonn an-imní ar thuismitheoirí faoi bhulaíochtthere's a real worry that people will lose their houses tá an chontúirt mhór ann go gcaillfidh daoine a gcuid tithethis is a significant worry for shareholders is údar suntasach imní ag scairshealbhóirí é seo, tá scairshealbhóirí fíorimníoch faoi seo 7 (also worries) noun feeling of anxiety, concernbuairt fem2 imní fem4 she was frantic with worry bhí sí céasta le himní, bhí sí maraithe le himníthere are local worries over the proposal tá imní ar mhuintir na háite faoin moladh