An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: supposed · oppose · purpose · supple · support · presuppose · supposedly · supported · supporter · supposing
  • EN > GA
  • GA > EN

suppose

1 verb presume, believe TRANSITIVEshe's gone now, I suppose tá sí imithe anois, is dóchaI'm supposing he's the owner glacaim leis gurb eisean an t-úinéir, is dócha gurb eisean an t-úinéir, déanaim amach gurb eisean an t-úinéirit's wrong to suppose that it did no harm tá sé mícheart a cheapadh nach ndearna sé aon díobháilhe supposed he would win cheap sé go mbuafadh sé, bhí sé den bharúil go mbainfeadh séyou don't suppose I've been enjoying it, do you? ní dóigh leat go raibh mé ag baint sásamh as, an dóigh?nobody would've supposed her to be rich ní shílfeadh aon duine go raibh sí saibhir, ní cheapfadh aon duine go raibh sí saibhir, ní mheasfadh aon duine go raibh sí saibhirit's generally supposed that I resigned síleann daoine gur éirigh mé asthere's no reason to suppose that it'll be hard níl aon údar a bheith ag ceapadh go mbeidh sé deacair 2 verb of argument, theory: take as precondition TRANSITIVEglac le PhrV  c m utalamh slán a dhéanamh de  c m uthe argument supposes that prisoners don't like being in prison glacann an argóint leis nach maith le príosúnaigh a bheith sa phríosún
Taispeáin iontráil iomlán 
3 verb in questions: think, imagine TRANSITIVEmeas verb  c m usíl verb  c m uceap verb  c m uis dóigh lewhen do you suppose she'll be back? cá huair a shíleann tú a bheidh sí ar ais?, cathain is dóigh leat a bheidh sí ar ais?who do you suppose will win? cé a shíleann tú a bhainfidh?, cé aige is dóigh leat a mbeidh an bua?
phrases

to be supposed to ...

1 be believed tothe cross was supposed to protect against evil cosaint ar an drochrud a bhí sa chros, ceapadhher mother is supposed to have been crazy deirtear go raibh a máthair as a meabhair, tá sé ráite go raibh a máthair as a meabhairhe's supposed to be a fool tá sé ceaptha a bheith ina amadán, tá sé amuigh air gur amadán é 2 be expected to, by rule etcyou're not supposed to do that níl tú in ainm é sin a dhéanamh, níl tú ceaptha é sin a dhéanamh, níor chóir duit é sin a dhéanamhhe was supposed to help us bhí sé in ainm cabhrú linn, bhí sé ceaptha cabhrú linn 3 saying sth is not what was expectedthis is supposed to be the best day of my life tá sé seo in ainm a bheith ar an lá is fearr i mo shaolit rains when it's supposed to be sunny bíonn sé ag cur báistí nuair atá an ghrian in ainm a bheith amuigh, bíonn sé ag cur nuair ba cheart dó a bheith grianmhar

I suppose (that) ...

1 making suggestionis dócha go ...I suppose we should go now is dócha gur cheart dúinn imeacht anoisI suppose we could run d'fhéadfaimis rith, is dócha; is dócha go dtiocfadh linn rith 2 conceding, reluctantly agreeing TRANSITIVEis dócha go ...I suppose you're right is dócha go bhfuil an ceart agatI suppose it was funny enough is dócha go raibh sé greannmhar go leor 3 showing annoyance TRANSITIVEI suppose you think you're clever is dócha go gceapann tú go bhfuil tú cliste, maram go síleann tú go bhfuil tú clisteI suppose you think that's true? is dócha go gceapann tú go bhfuil sé sin fíor?

I don't suppose (that) ...

(also

don't suppose (that) ...

) 1 used politely with questionní dócha go ...I don't suppose he told you where it is? ní dócha gur inis sé duitse cá bhfuil sé, ar inis?; is dócha nach ndúirt sé leatsa cá bhfuil sé, an ndúirt?; níl aon seans go ndúirt sé leatsa cá bhfuil sé, an ndúirt? 2 saying sth is unlikelyní dócha go ...I don't suppose it's lying around here ní dócha go bhfuil sé ina luí thart anseo, ní déarfainn go bhfuil sé ina luí thart anseo, ní cheapfainn go bhfuil sé ina luí thart anseoI don't suppose he'll come again caolseans go dtiocfaidh sé arís, is beag an baol go dtiocfaidh sé arís

I suppose so

1 reluctantly agreeingis dócha é'Will you do it?' 'Yes, I suppose so.' 'An ndéanfaidh tú é?' 'Is dócha é.'Was I harsh? I suppose so, but I had to be. An raibh mé dian? B’fhéidir é, ach ní raibh aon dul as agam. 2 (also

I suppose

) reluctantly permittingis dócha é'Can I come?' 'I suppose so.' 'An féidir liom teacht?' 'Is dócha é.'; 'An dtig liomsa teacht?' 'Tig, is dóigh.'

let's suppose (that) ...

(also

suppose (that) ...

) cuirim i gcás go ...cuir i gcás go ...abraimis go ...abair go ...let's suppose it works abair go n-oibríonn sélet's suppose you're married cuirim i gcás go bhfuil tú pósta, abraimis go bhfuil tú póstasuppose that I fell cuirim i gcás gur thit mé, abair gur thit mésuppose we meet at eight? abair go mbuailfimid le chéile ag a hocht?, cad faoi bhualadh le chéile ar a hocht?

what's that supposed to mean?

céard atá tú a rá?cad atá i gceist agat leis sin?céard atá tú ag iarraidh a rá?cad é atá tú a mhaíomh?

Iontrálacha Gaolmhara

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile