An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: showy · chow · dhow · how · shod · shoe · shop · shot · slow · snow
  • EN > GA
  • GA > EN

show

noun
verb
phrases
noun
1 noun THEAT live entertainmentseó masc4  c m uhe's doing a solo show tá sé ag déanamh seó aonair 2 noun individual performanceseó masc4  c m uléiriú masc  c m uthe evening show is at nine bíonn seó an tráthnóna ann ar a naoi
Taispeáin iontráil iomlán 
3 noun TV-RADclár masc1  c m useó masc4  c m ushe presents a cookery show cuireann sí clár cócaireachta i láthaira magazine show irischlár masc1 4 noun ARTtaispeántas masc1  c m ushe had her own show at the gallery bhí a taispeántas féin aici ag an ngailearaí 5 noun FASHseó masc4  c m utaispeántas masc1  c m ufashion show seó faisin 6 noun trade fairseó masc4  c m ucar show seó carranna 7 noun display, competitionseó masc4  c m uhorse show seó capall 8 noun CINE projection sessiontaispeántas masc1  c m useó masc4  c m u 9 noun displaytaispeántas masc1  c m uthe letters are on show tá na litreacha ar taispeáintthe coins will go on show next year beidh na boinn ar taispeáint an bhliain seo chugainnto put sth on show rud a chur ar taispeáint 10 noun outward appearanceléiriú masc  c m uit was an extraordinary show of courage from him léirigh sé misneach iontach annthey walked out in a show of dissatisfaction shiúil siad amach chun a míshásamh a chur in iúlthey voted by show of hands vótáil siad le taispeáint lámh, vótáil siad le comhaireamh lámhshe made a show of interest lig sí uirthi féin go raibh spéis aici ann, chuir sí in iúl go raibh suim aici annhe made a show of talking to the pupils rinne sé scéal mór de bheith ag caint leis na daltaíto put on a show for sb cumaí a chur ort féin ar mhaithe le duinea show of strength léiriú nirthe's all show ní bhíonn sé ach ag cur cumaí air féin, níl ann ach galamaisíocht aige 11 noun effortgood show! sáriarracht!, an-iarracht!, maith thú!they made a poor show of the inquiry ní dhearna siad ach lagiarracht ar an bhfiosrúchán, rinne siad praiseach den fhiosrúchánthey're making a poor show of fixing the roof níl ag éirí leo an díon a dheisiú, tá ag sárú orthu an díon a dheisiú, tá sé ag cinneadh orthu an díon a dheisiújust two goals in six games is a poor show is bocht an cás é dhá chúl i sé chluichethe meal was a poor enough show ní raibh an béile thar mholadh beirte, bhí an béile bocht go leor 12 noun informal business, affairshe still runs the show is í atá i gceannas fós, is í atá ag stiúradh cúrsaí fós, is í an bas i gcónaíto run your own show do ghnó féin a bheith agat 13 noun MED at onset of labourtaispeáint fem3  c m u
verb
14 verb express TRANSITIVEléirigh verb  c m utaispeáin verb  c m uto show respect for sth meas a léiriú ar rudyou didn't show any interest at the time níor léirigh tú aon spéis ag an amshe showed great kindness towards others bhí sí an-chineálta le daoine eilehe showed no remorse níor léir go raibh aon aithreachas airshe wished he would show some emotion ba bhreá léi dá mbeadh mothúchán de chineál éigin le haithint air 15 verb demonstrate TRANSITIVEléirigh verb  c m utaispeáin verb  c m uthe musicians showed their great ability léirigh na ceoltóirí a n-ardchumasit shows how easy it can be taispeánann sé cé chomh héasca agus is féidir leis a bheithhe showed them why he thinks faith is important thaispeáin sé dóibh cad chuige a gceapann sé go bhfuil an creideamh tábhachtach 16 verb prove TRANSITIVEléirigh verb  c m uyou'll need to show proof of your new address beidh ort cruthúnas ar do sheoladh nua a sholátharcourt records show him to be a criminal de réir taifid chúirte, is coirpeach éthe picture in the paper showed them to be alive léirigh an pictiúr sa nuachtán go raibh siad beocertain foods have been shown to be very healthy tá fianaise ann go bhfuil bianna áirithe an-fholláin 17 verb indicate TRANSITIVEléirigh verb  c m utaispeáin verb  c m uthe figures show that unemployment is rising léiríonn na figiúirí go bhfuil ag méadú ar an dífhostaíochtthe date on the page shows when it was written taispeánann an dáta ar an leathanach cá huair a scríobhadh éI'm showing my age by saying things like that tá mé ag léiriú m'aoise nuair a deirim a leithéidthe light shows if the machine is recording taispeánann an solas an bhfuil an meaisín ag taifeadadhthe polls show growing support for the party taispeánann na pobalbhreitheanna go bhfuil ag méadú ar thacaíocht an pháirtí 18 verb let sb see TRANSITIVEtaispeáin verb  c m uto show sth to sb rud a thaispeáint do dhuineshow me your hands taispeáin do lámha domI'll show you where everything is taispeánfaidh mé duit cá bhfuil gach rud 19 verb depict TRANSITIVEtaispeáin verb  c m uléirigh verb  c m uthis picture shows the main street taispeánann an pictiúr seo an phríomhshráid, tá an phríomhshráid le feiceáil sa phictiúr seothe area shown on the map an ceantar atá á thaispeáint ar an léarscáilthe video shows how to connect the monitor taispeánann an físeán an bealach leis an monatóir a cheangal 20 verb communicate TRANSITIVEtaispeáin verb  c m utabhair le fios VP  c m uthe government has to show it's listening ní mór don rialtas a thaispeáint go bhfuil siad ag éisteacht, caithfidh an rialtas a chruthú go bhfuil siad ag éisteachtit shows patients the level of progress made taispeánann sé do na hothair an dul chun cinn atá déanta, cuireann sé i bhfios do na hothair an dul chun cinn atá déantaI'll show them we can do it taispeánfaidh mise dóibh gur féidir linn é a dhéanamh, tabharfaidh mise le fios dóibh go dtig linn é a dhéanamh 21 verb yield TRANSITIVEthe company showed a profit of €3m rinne an comhlacht brabús €3mthe scheme is beginning to show results tá toradh ag teacht ar an scéim anois 22 verb teach TRANSITIVEtaispeáin verb  c m uwho showed him that technique? cé a thaispeáin an teicníc sin dó?the teacher will show you how to do it taispeánfaidh an múinteoir duit an bealach chun é a dhéanamh 23 verb CINE, TV-RAD broadcast
TRANSITIVEtaispeáin verb  c m uthe match is being shown on all channels tá an cluiche á thaispeáint ar gach bealach
INTRANSITIVEthe film is currently showing in cinemas tá an scannán á thaispeáint sna pictiúrlanna faoi láthair, tá an scannán le feiceáil sna pictiúrlanna faoi láthair
24 verb present for inspection TRANSITIVEtaispeáin verb  c m uall passengers need to show a passport ní mór do gach paisinéir pas a thaispeáint 25 verb ART, FASH exhibit TRANSITIVEtaispeáin verb  c m ucuir ar taispeáint VP  c m uher work is being shown at the gallery tá a saothar á thaispeáint ag an ngailearaí, tá a saothar ar taispeáint sa ghailearaí 26 verb make visible TRANSITIVEthis kind of material shows the dirt bíonn an salachar le feiceáil ar an gcineál seo ábhairthe house is showing signs of wear and tear tá cuma smolchaite ag teacht ar an teach, tá an teach sórt crosach 27 verb be visible INTRANSITIVEbheith le feiceáil  c m uif a warning light shows má bhíonn solas rabhaidh le feiceáilthe colours show well in the sunlight tá dealramh maith ar na dathanna faoi sholas na gréine 28 verb escort, guide TRANSITIVEtabhair verb  c m utreoraigh verb  c m ushe was shown to her seat tugadh chuig a suíochán íhe showed me to the door thionlaic sé mé go dtí an doras, threoraigh sé a fhad leis an doras mé 29 verb expose TRANSITIVEtaispeáin verb  c m unocht verb  c m ushe was showing a lot of flesh bhí sí ag taispeáint go leor craicinn 30 verb display in competition TRANSITIVEcuir ar taispeáint  c m ucuir i seó 31 verb be apparent INTRANSITIVEbheith le feiceáil  c m ubheith le haithinthis fear showed ba léir go raibh eagla airI'm tired. Does it show? Táim tuirseach. An léir orm é?; Tá mé tuirseach. An bhfuil a chuma sin orm?she was angry and she let it show bhí fearg uirthi agus ní dheachaigh sí ar chúl scéithe leis, bhí fearg uirthi agus níor cheil sí é sinif you're nervous, don't let it show má bhíonn tú neirbhíseach, ná lig dada ort; má bhíonn tú neirbhíseach, ná bíodh sé le haithint ort 32 verb informal turn up INTRANSITIVEtar verb  c m unocht verb  c m ushe didn't show for her appointment níor tháinig sí dá coinne 33 verb reveal yourself TRANSITIVEI didn't want to show myself níor mhaith liom go bhfeicfeadh aon duine méshe showed herself to be a diligent worker chruthaigh sí gur oibrí díograiseach íhe'll never be able to show himself in public again ní bheidh tógáil a chinn aige feasta 34 verb portray TRANSITIVEto show sb/sth in a good light dea-theist a thabhairt ar dhuine/rud, mór a dhéanamh de dhuine/rudto show sb in a poor light drochtheist a thabhairt ar dhuine/rud, beag a dhéanamh de dhuine/rud 35 verb during pregnancy INTRANSITIVEshe's starting to show tá sé le feiceáil anois go bhfuil sí ag iompar 36 verb informal teach lesson to TRANSITIVEceacht a mhúineadh do VPmúineadh a chur ar VP  c m umúin verb  c m uI'll show you! múinfidh mise thú!, cuirfidh mise múineadh ort!that'll show them múinfidh sé sin ceacht dóibh, múinfidh sé sin iad
phrases

to be just for show

(also

to be all for show

) the talks are just for show níl sna cainteanna ach cur i gcéill

for show

1 for displayle cur ar taispeáintsome dogs are bred for show tá roinnt madraí ann a phóraítear le cur ar taispeáint 2 create effectar mhaithe le cumaíadd a little salad for show cuir beagán sailéid leis chun cuma a chur air

to get the show on the road

tús a chur le rudaían bád a chur i bhfarraigeceann a chur ar an bpaidrín

to have nothing to show for sth

we worked hard but had nothing to show for it d'oibríomar go crua ach ní raibh faic againn dá bharr, d'oibríomar go crua ach ní raibh a dhath ar a shon againn

to have something to show for sth

rud éigin a bheith agat ar son rudaluach do shaothair a bheith agat as rudI don't mind hard work as long as I have something to show for it ní miste liom obair chrua nuair a bhíonn rud éigin ar a son agam, ní miste liom obair chrua a fhad is go mbíonn luach mo shaothair agam

to go to show

that just goes to show that anyone can drive a car léiríonn sé sin gur féidir le haon duine gluaisteán a thiomáint, cruthaíonn sé sin go dtig le duine ar bith carr a thiomáintit just goes to show you, it's never too late taispeánann sé sin nach mbíonn sé riamh ródhéanach

to make a show of yourself

amadán a dhéanamh díot féinseó a dhéanamh díot féin

to make a show of sb

amadán a dhéanamh de dhuineseó a dhéanamh de dhuineduine a náiriúshe made a complete show of them rinne sí seó ceart díobh, náirigh sí os comhair an tsaoil iad

not much to show for sth

he hadn't much to show for all his efforts ní raibh mórán de bharr a shaothair aige, is beag a bhí ar son a shaothair aige

on with the show!

seo linn!ar aghaidh linn!

to put on a good show

(also

to put up a good show

) cruthú go maithdéanamh go maithtaispeántas maith a thabhairtI think that they'll put on a good show sílim go gcruthóidh siad go maithwe'd like to put on a good show for our fans ba mhaith linn taispeántas maith a thabhairt dár lucht leanúna

to put on a poor show

(also

to put up a poor show

) cruthú go donadéanamh go holcdrochthaispeántas a thabhairtthey put up a pretty poor show and lost heavily thug siad drochthaispeántas agus chaill siad go trom, chruthaigh siad go dona agus buaileadh go trom iad

to show a clean pair of heels

é a thabhairt do na boinnimeacht sna fáscaíshe got scared and showed a clean pair of heels tháinig eagla uirthi agus thug sí do na boinn é, scanraigh sí agus as go brách léi

to show sb a clean pair of heels

(also

to show a clean pair of heels to sb

) duine a fhágáil i bhfad i do dhiaidhfolach cnoc a chur ar dhuineshe showed the rest of us a clean pair of heels d'fhág sí an chuid eile dínn i bhfad ina diaidh

show me the money

cá bhfuil an t-airgead?

to show your face

informal d'aghaidh a thaispeáintd'éadan a thaispeáintbheith le feiceáil  c m uI had better show my face b'fhearr dom m'aghaidh a thaispeáint

to show your hand

1 GAMES reveal your cardsdo chártaí a chur ar an mborddo lámh a thaispeáint 2 reveal your intentionsdo rún a ligeand'intinn a nochtadh

to show your teeth

d'fhiacla a nochtadh

to show sb who's boss

informal he'll show them who's boss taispeánfaidh seisean dóibh cé atá i gceannas, tabharfaidh seisean le fios dóibh cé hé an bas

to show the way

1 point out routeeolas an bhealaigh a dhéanamheolas na slí a thabhairt 2 provide examplebheith i d'eiseamláirthey show the way for the rest of us tá siad ina n-eiseamláir ag an gcuid eile dínn

to show the way forward

an bealach chun cinn a thaispeáintan bealach chun tosaigh a thaispeáint

to show willing

dea-thoil a léiriú

to steal the show

(also

to stop the show

) barr bua a bhreith ar gach duine eilean chraobh a thabhairt leatan svae a thabhairt leatthe young singer stole the show rug an t-amhránaí óg barr bua ar gach duine eile

the show must go on

caithfear leanúint ar aghaidh

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile