An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
  • EN > GA
  • GA > EN

identify

1. verb LAW state sb's identity2. verb name sth3. verb discover, pinpoint sth4. verb show what sb/sth is 1 verb also LAW state sb's identity TRANSITIVEaithin verb  c m uhe was able to identify her by her voice bhí sé in ann í a aithint ar a glór, bhí sé ábalta í a aithint as a glórthe police have identified the suspect tá ainm an duine atá faoi amhras ar eolas ag na póilíníthe judge directed that the child should not be identified thug an breitheamh treoir nach luafaí ainm an pháistethe policeman identified himself to us chuir an póilín é féin in aithne dúinnpeople identify him as the ringleader breathnaíonn daoine air mar an ceann urrashe identified the boy as her son dheimhnigh sí gurbh é an gasúr a macshe positively identified him in court dheimhnigh sí go cinnte sa chúirt gurbh é a bhí annto identify a body corp a shainaithint, sainaithint a dhéanamh ar chorpán 2 verb name sth TRANSITIVEaithin verb  c m ucan you identify this plant? an bhfuil tú ábalta an planda seo a aithint?, an bhfuil tú ábalta ainm a chur ar an bplanda seo?, an bhfuil a fhios agat cén t-ainm atá ar an bplanda seo?
Taispeáin iontráil iomlán 
3 verb discover, pinpoint sth TRANSITIVEto identify a new gene géin nua a aimsiú, teacht ar ghéin nuato identify weaknesses laigí a aithint, laigí a aimsiúwe're trying to identify the source of the problem táimid ag iarraidh teacht ar bhunúdar na faidhbe, táimid ag iarraidh bunúdar na faidhbe a dhéanamh amachthree key issues are identified in the report aithnítear trí bhuncheist sa tuarascáil 4 verb show what sb/sth is TRANSITIVEher accent identified her as an outsider thug a canúint le fios gur strainséir íthe blue feathers identify it as a male bird tugann na cleití gorma le fios gur éan fireann atá annthe best hotels on the list are identified by a gold star cuirtear réalta óir leis na hóstáin is fearr ar an liostathe guard wore a cap to identify himself chaith an garda caipín le go n-aithneofaí é

Iontrálacha Gaolmhara

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile