hard
adjective
1 adjective not softcrua adj3 lie on a hard surface luigh ar dhromchla cruaa hard chair cathaoir chrua 2 adjective difficult to dodeacair adj doiligh adj crua adj3 dian adj that's a hard question sin ceist dheacair, sin ceist chruathe task is too hard for them tá an tasc ródheacair acu, tá an tasc róchrua dóibhit's hard to believe he's at college is deacair a chreidiúint go bhfuil sé ar an gcoláisteit's hard to say is deacair a rá, is doiligh a ráthey're hard to find is deacair iad a fháil, tá siad doiligh a fháilhe found it hard to get used to the pressure bhí sé deacair air éirí cleachta leis an mbrúit was hard for her to stop bhí sé dian uirthi stopadh, bhí sé deacair aici stadwe had a hard time getting the parts chuaigh sé dian orainn na páirteanna a fháil, bhí obair againn na páirteanna a fháilthe salary makes it hard to keep people bíonn sé deacair daoine a choimeád mar gheall ar an tuarastalit was hard to take (also it was hard to swallow) ba dheacair cur suas leis, níorbh fhurasta glacadh leisTaispeáin iontráil iomlán
3 adjective work etccrua adj3 trom adj dian adj it took a lot of hard work bhí go leor obair chrua ag baint leisthat was a hard week b'in seachtain chruathey were hard at work bhí siad ag obair go crua, bhí siad ag obair go dícheallachthey made hard work of the second half ní gan saothar a chuir siad an dara leath díobh, thug an dara leath a sáith dóibhteaching is too much like hard work tá barraíocht oibre i gceist leis an múinteoireacht, tá an iomarca bráca ag baint leis an múinteoireacht 4 adjective with physical forcecrua adj3 he took a hard blow to the head buaileadh buille crua sa cheann air 5 adjective game, match, etccrua adj3 dian adj a hard match cluiche crua 6 adjective person: physically toughcrua adj3 láidir adj he's a hard man is fear crua éshe's the hardest player of the lot is ise an t-imreoir is crua ar an iomlán acu 7 adjective lacking kindness or sympathycrua adj3 she a hard woman tá sí cruachroíoch, níl croí ar bith intihe's very hard on the pupils tá sé an-dian ar na daltaí, tá sé an-ghéar ar na daltaía hard taskmaster (also a hard master) máistir géar 8 adjective unpleasant, difficultcrua adj3 anróiteach adj1 he had a hard life bhí saol crua aigetimes were hard bhí saol crua annthey fell on hard times chuaigh an saol ina n-aghaidh 9 adjective definitely truecinnte adj3 deimhin adj they have no hard evidence níl fianaise chinnte ar bith acu 10 adjective lightláidir adj scéiniúil adj2 11 adjective lookgéar adj1 fiata adj3 to give sb a hard stare amharc fiata a thabhairt ar dhuine 12 adjective alcoholic drinkcrua adj3 he avoids hard drinks ní bhacann sé le deochanna cruathe hard stuff an braon crua, an stuif crua 13 adjective CHEM watercrua adj3 hard water uisce crua 14 adjective MET weathercrua adj3 feannta adj3 it's going to be a hard winter beidh geimhreadh crua ann 15 adjective POL political beliefsa hard right party páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis 16 adjective angle, turngéar adj1 there's a hard right after the bridge tá casadh géar ar dheis tar éis an droichid 17 adjective LING in pronunciationcrua adj3 it's a hard C C crua atá ann
adverb
18 adverb sharplygo géar take a hard left cas go géar ar chlé 19 adverb work, try, cry, etcgo crua go dícheallach go dúthrachtach we're working hard here táimid ag obair go crua anseowe had to fight hard for it b'éigean dúinn troid go crua ar a shonhe tried hard rinne sé a mhíle dícheallthey were crying hard bhí siad ag caoineadh go géar, bhí siad ag caoineadh go cráiteto push hard for sth (also to press hard for sth) bheith meáite ar rud a fháil, bheith go diongbháilte ag lorg ruda 20 adverb with a lot of forcego crua pull hard tarraing go cruakick it as hard as you can ciceáil é chomh crua agus atá tú in ann 21 adverb carefullygo cúramach listen hard éist go cúramach, éist go géarto look hard at sth féachaint go géar ar rudI thought long and hard about it rinne mé dianmhachnamh air 22 adverb MET a lotgo trom it was raining hard bhí sé ag báisteach go trom, bhí sé ag gleadhradh báistíit began to snow hard thosaigh sé ag cur sneachta go trom, thosaigh sé ag plúchadh sneachta