An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: elver · ever- · every · fever · lever · never · sever · eve · even · over
  • EN > GA
  • GA > EN

ever

adverb
phrases
adverb
1 adverb in pastriamh  c m udid she ever talk to you? ar labhair sí leat riamh?she denied ever meeting him shéan sí gur bhuail sí leis riamh, shéan sí gur bhuail sí leis ar chor ar bithwe need your help now more than ever tá do chabhair ag teastáil uainn anois níos mó ná riamh, tá do chuidiú de dhíth orainn anois níos mó ná in am ar bithit's worse now than ever before tá sé níos measa anois ná mar a bhí riamh roimhe seo, is measa anois ná riamh énobody ever bothered to stop him níor bhac aon duine riamh é a stopadhno one ever said it'd be cheap ní dúirt aon duine go mbeadh sé saorneither of them ever got married níor phós ceachtar acu riamhI don't remember ever learning anything there ní cuimhin liom aon rud a fhoghlaim ansin riamhhe's a footballer if ever there was one is peileadóir é má bhí peileadóir riamh annif ever there was a right time this was it má bhí am trátha riamh ann ba é seo éhe only ever went to England go Sasana amháin a chuaigh sé riamh 2 adverb in presentin am ar bith  c m uriamh  c m uhe refuses to ever discuss it diúltaíonn sé labhairt faoi in am ar bith, diúltaíonn sé labhairt faoi scun scanno two days are ever the same ní mar a chéile aon dá láI'll tell him if you ever so much as talk to me again déarfaidh mé leis é má dhéanann tú oiread agus labhairt liom arís, déarfaidh mé leis má labhraíonn tú liom arís go fiúwe rarely, if ever, get to meet these days is annamh a bhuailimid le chéile na laethanta seo, má bhuailimid in aon chorI don't think she ever goes out ní dóigh liom go dtéann sí amach riamh, ní dóigh liom go dtéann sí amach in aon chorshe rarely ever complains is annamh go deo a dhéanann sí gearán
Taispeáin iontráil iomlán 
3 adverb in futurechoíche  c m ugo deo  c m ugo brách  c m uI won't do it ever again ní dhéanfaidh mé é choíche arís, ní dhéanfaidh mé é arís go deo na ndeorI don't think he'll ever be allowed back ní dóigh liom go scaoilfear ar ais riamh é, is dóigh liom nach ligfear ar ais go brách é 4 adverb with comparativesná riamh  c m ushe's more beautiful than ever tá sí níos áille ná riamhhe was more tired than he had ever been bhí sé níos tuirsí ná a bhí sé riamh cheana 5 adverb with superlativesriamh  c m uit was the best thing I ever did ba é an rud ab fhearr a rinne mé riamh éthis is the first ever such service is í seo an chéad seirbhís dá leithéid riamh 6 adverb alwaysas ever mar is gnáchas ever, she left early d'imigh sí go luath, mar is gnách; d'fhág sí go luath, mar ba bhéas léishe was as happy as ever bhí sí chomh sásta agus a bhí riamhit was unusable ever after ní fhéadfaí é a úsáid riamh ó shin, ní fhéadfaí é a úsáid ón lá sin amachI kept an eye on them ever after choinnigh mé súil orthu riamh ina dhiaidh sinthey all lived happily ever after mhair siad le chéile go sona sásta as sin amach, bhí saol beag sona sásta acu ar fad ina dhiaidh sinthey last for ever and ever maireann siad go deo na ndeorwe're ever hopeful táimid dóchasach i gcónaíyou know him, ever the miser tá a fhios agat é siúd, sprionlóir go smior; tá a fhios agat é siúd, sprionlóir riamh agus choíche 7 adverb informal as intensifierpetrol has become ever dearer tá peitreal faighte níos daoire fósshe ran ever faster rith sí níos tapúla agus níos tapúla fós, rith sí níos gasta agus níos gasta aríshe's ever so nice! tá sé chomh deas!, chomh deas leis!I was ever so wet bhí mé fliuch go craiceann, bhí mé i mo líbín báiteit opened ever so slightly d'oscail sé oiread na frídeI was there for ever such a long time bhí mé ansin chomh fada sinthank you ever so much go raibh míle míle maith agatthere are ever so many of them tá an iliomad acu annever more people are coming tá níos mó agus níos mó daoine ag teacht 8 adverb evenit's a long way before they ever see the sea is fada go bhfeicfidh siad an fharraige fiúI was tired before I ever started to run bhí tuirse orm fiú sular thosaigh mé ag rith 9 adverb as possibleI'm coming back as soon as ever I can táim ag teacht ar ais chomh luath riamh agus is féidir liom, tá mé ag teacht ar ais chomh tiubh géar agus a thig liomI ran as fast as ever I could rith mé chomh tapa agus a d'fhéadfainn, rith mé chomh gasta in Éirinn agus a bhí mé ábalta, rith mé an méid a bhí i mo chosa 10 adverb with questionwho ever would have thought it? cé a cheapfadh é?, cé a chuimhneodh riamh ar a leithéid?'Don't eat that!' 'Why ever not?' 'Ná hith é sin!' 'Cén fáth nach ndéanfainn, in ainm Dé?'; 'Ná hith é sin!' 'Cén fáth sa riach nach n-íosfainn?' 11 adverb informal in exclamationsdid you ever hear the like! ar chuala tú riamh a leithéid!, ar chuala tú a leithéid le do bheo!'Do you like it?' 'Do I ever!' 'An maith leat é?' 'Bí á rá gur maith liom!'is he ever drunk! d'fhéadfá a rá go bhfuil braon istigh aige! 12 adverb to express irritationall I ever hear is me, me, me ní chloisim faic ach mise, mise, miseall you ever do is moan ní dhéanann tú dada ach gearán, ní bhíonn faic uait ach sianaíl ó mhaidin go hoíchedon't you ever do that again ná déan é sin riamh arís le do bheo, ná déan é sin go deo arísas if you ever did anything like it amhail agus go ndearna tú féin rud éigin dá leithéid, a rá is de go ndearna tú féin rud ar bith dá leithéid
phrases

ever and anon

(also

ever and again

) literary ó am go ham  c m uanois agus arísó thráth go chéileever and anon he looked at the sky d'amharc sé ar an spéir ó am go ham

did you ever!

informal well, did you ever, Seán! bhuel, m'anam le Dia, a Sheáin!; bhuel, ar chuala tú a leithéid riamh, a Sheáin!

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile