Focail chosúla :

é

 cmu
Personal pronoun, 3rd person singular masculineForainm pearsanta, 3ú pearsa uatha firinscneach 1. Úsáidtear é chun tagairt d'fhear nó do bhuachaill ar leith sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. (A) mar chuspóir gnáthbhriathair chonaic siad é ní aithním é níor gortaíodh é nuair a íocfar é an féidir libh é a chloisteáil? ba mhaith leo é a stopadh (B) mar ainmní gnáthbhriathair leis an ainm briathartha b'fhearr leo é a bheith ciúin (C) mar ainmní na copaile is ealaíontóir é / ealaíontóir is ea é ní maith leo é ba as an gceantar céanna é is é an t-úinéir ní hé is measa 'An é an buaiteoir?' 'Is é.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail is é a roghnaigh iad is é a roghnaigh siad ní hé a thosaigh an raic déarfainn gurbh é ba chúis leis, ceart go leor nach é féin a scríobh é? (E) mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir é agus an doras beidh siad go breá gan é gach duine ach é 2. Úsáidtear é chun tagairt d'ainmhí fireann ar leith sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas. cuireadh ar ais sa chró é 3. Úsáidtear é chun tagairt d'ainmfhocal firinscneach ar leith sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas. bhris an buidéal nuair a buaileadh é fuair mé do ríomhphost ach níor léigh mé é fós leánn uachtar reoite nuair a théitear é beir leat an líon, ní fiú dul gan é 4. Úsáidtear é chun tagairt don aimsir, teocht, solas, srl, sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas. rud ar bith ach é a bheith róthe ní miste leo é a bheith gaofar d'ainneoin é a bheith ag éirí dorcha 5. Úsáidtear é chun tagairt do chás, comhthéacs nó coincheap ginearálta sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (E) thuas nuair a thuigeann an t-éisteoir nó an léitheoir cad atá i gceist. is mór an náire é is ceist chasta é ba cheart duit é a thógáil go réidh
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...