trócaire
cmu (gen.sg. g.u. trócaire) 1. Má léiríonn duine a bhfuil údarás acu trócaire, tugann siad maithiúnas do dhuine a bhféadfaí pionós a ghearradh orthu nó beartaíonn siad gan dochar a dhéanamh dóibh. trócaire a iarraidh trócaire a dhéanamh ar dhuine 2. lawdlíMá dhéantar trócaire ar dhuine a rinne coir, gearrtar pionós níos éadroime orthu ná mar is gnách. trócaire a iarraidh do dhuine gan trócaire 1. Má deir tú go bhfuil duine gan trócaire, tá tú ag rá go bhfuil siad an-chruálach, nach mbíonn trua ar bith acu do dhaoine eile agus go ndéanfaidh siad rud ar bith a theastaíonn chun an rud atá uathu féin a bhaint amach. 2. Má dhéantar rud gan trócaire, déantar an rud sin ar bhealach an-chruálach agus ar bhealach nach léiríonn trua ar bith do dhaoine eile. 3. Má deir tú go bhfuil rud éigin gan trócaire, go háirithe rud míthaitneamhach, tá tú ag rá go leanann an rud sin ar aghaidh ar feadh tréimhse fhada agus nach féidir stop a chur leis. go ndéana Dia trócaire ar ... Deir tú go ndéana Dia trócaire air nó go ndéana Dia trócaire uirthi nuair atá tú ag caint ar dhuine a fuair bás agus nuair is mian leat ómós a thabhairt don duine sin. go ndéana Dia trócaire orthu uaireadóir a fuair mé ó m'athair, go ndéana Dia trócaire air Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...