togha
cmu 1. Má deir tú go bhfuil rud éigin togha, tá tú ag rá go bhfuil sé sásúil nó inghlactha. tá sé sin togha ar fad liomsa beidh sibh togha! 2. Má deir tú go bhfuil duine nó rud éigin togha, tá tú ag rá go bhfuil siad an-mhaith ar fad. tá sé sin togha (gen.sg. g.u. togha) 3. literary useúsáid litearthaMá deir tú gur togha duine nó ruda is ea duine nó rud éigin, tá tú ag rá go bhfuil siad ar an duine nó ar an rud is fearr. togha múinteora atá ann fuair sí togha na haire ní cheannóinn ach an togha togha agus rogha Má thugann tú togha agus rogha de rud éigin do dhuine, tugann tú an cineál is fearr dá bhfuil ann den rud sin dóibh. togha agus rogha a thabhairt do dhuine togha Is féidir leat togha a rá le taispeáint go n-aontaíonn tú nó go nglacann tú le rud éigin. 'Ba mhaith liom cupán caife!' 'Togha!' togha... Má deir tú 'togha fir' nó 'togha mná' le fear nó le bean, tá tú ag léiriú go bhfuil tú sásta le rud éigin atá déanta go maith acu, nó go bhfuil meas agat orthu as rud éigin a rinne siad. togha fir! togha mná! Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...