Focail chosúla :

tirim

 cmu
adjective, 1st declensionaidiacht, 1ú díochlaonadh (nom.m. a.f. tirim; nom.f. ; a.b. thirim; gen.m. ; g.f. thirim; gen.f. ; g.b. tirime; nom.pl. ; a.i. tirime/thirime; gen.pl. ; g.i. tirime/tirim; comp./super. ; breis/sár tirime) 1. Má tá rud éigin tirim, níl sé tais agus níl uisce ar bith ann nó air. an bhfuil do chuid gruaige tirim fós? cuir ort na héadaí tirime seo 2. meteorologymeitéareolaíochtMá tá aimsir thirim ann, níl sé ag cur báistí. tá sé breá tirim inniu beidh an lá amárach tirim den chuid is mó 3. geographytíreolaíochtMá tá áit nó aeráid tirim, tá siad tur agus ní bhíonn mórán báistí ann, rud a fhágann gur beag planda atá ábalta fás iontu. aeráid thirim 4. geographytíreolaíochtMá tá tobar nó abhainn tirim, níl aon uisce fágtha iontu. tobar tirim 5. Is ionann greann tirim agus greann atá ábhairín searbhasach a chuirtear i láthair ar bhealach dáiríre. 6. Má bhíonn do bhéal nó do scornach tirim, ní bhíonn mórán seile iontu, de bharr tarta agus easpa uisce de ghnáth. tá mo scornach tirim 7. sailingseoltóireacht, zoologyzó-eolaíochtMá bhíonn bád nó iasc, msh míol mór, tirim is ionann sin agus iad a bheith tagtha i dtír ar thrá nó ar chladach de ghnáth.
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...