thusa
1. Úsáideann tú thusa chun tagairt le treise don duine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) mar chuspóir díreach gnáthbhriathair; nó (B) mar ainmní na copaile, i ndiaidh na faisnéise. (A) mar chuspóir gnáthbhriathair phioc siad thusa romhamsa thit tú féin freisin ach níor gortaíodh thusa ba mhaith leo thusa a chur isteach ina áitsean (B) mar ainmní na copaile, i ndiaidh na faisnéise is foghlaimeoir thusa / foghlaimeoir is ea thusa ní maith leo thusa ba as an gceantar céanna thusa dá mba mhúinteoir thusa 'An lánbhall thusa?' 'Is ea.' 2. Úsáideann tú thusa i ndiaidh briathar atá san ordaitheach chun treise a chur le hordú díreach atá á thabhairt agat don duine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu. abair thusa léi fan thusa ar shiúl uathu ná bac thusa leis sin déan thusa é, mar sin→ tusa Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...