Focail chosúla :

teannas

 cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. teannais) 1. Má tá teannas ann idir dhaoine, tá imní ar na daoine sin agus níl muinín acu as a chéile, rud a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le foréigean nó le coimhlint. bhí an-teannas ann chruthaigh sé go leor teannais eatarthu 2. Má tá teannas i rud éigin ar nós scannáin nó cluiche, mothaíonn tú go bhfuil rud éigin mór ar tí tarlú ach tá imní nó sceitimíní ort mar nach bhfuil tú cinnte cén uair a tharlóidh an rud mór sin. cuireann sé teannas leis an gcluiche 3. Is ionann an teannas i rud éigin ar nós rópa nó sreangáin agus cé chomh rite sínte agus atá an rud sin tarraingthe.
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...