Focail chosúla :

sos

 cmu
masculine noun, 3rd declensionainmfhocal firinscneach, 3ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. sosa; nom.pl. ; a.i. sosanna; gen.pl. ; g.i. sosanna) 1. Tréimhse ghearr ama ina ligeann tú do scíth nó ina n-éiríonn tú as a bhfuil á dhéanamh agat, go háirithe má tá tú ag obair nó má tá rud éigin leadránach nó míthaitneamhach ar bun agat sos a ghlacadh / sos a thógáil tá sos ag teastáil uaim / tá sos de dhíth orm sos ón obair sos uair an chloig don lón ag obair gan sos gan scíth 2. especiallygo háirithe sportspórtTréimhse ghearr ama ina stopann gníomhaíocht nó cás éigin agus ina dtarlaíonn rud éigin eile an sos leath ama 3. theatreamharclannaíocht, cinemacineamaBriseadh gearr idir dhá chuid de scannán, ceolchoirm nó seó beidh sos 20 nóiméad againn 4. Tréimhse chiúin nó shuaimhneach le linn tréimhse fhada ghníomhaíochta nó fuadair sos ón gcabaireacht sos ón gcomhrac 5. governmentrialtas, lawdlíBriseadh idir na tréimhsí oibre a bhíonn ag foras oifigiúil ar nós coiste, cúirt dlí nó rialtais thóg an giúiré sos ar feadh an chuid eile den lá sos samhraidh na Dála PhrasesNathanna rud a chur ar sos electronicsleictreonaicMá chuireann tú rud éigin ar sos, msh clár teilifíse nó cluiche ríomhaire, brúnn tú cnaipe chun stop a chur leis ar feadh tamaillín. cluiche a chur ar sos
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...