smacht
cmu (gen.sg. g.u. smachta; nom.pl. ; a.i. smachta; gen.pl. ; g.i. smacht) 1. Má tá smacht agat ar rud éigin, tá tú in ann é a láimhseáil gan stró nó tá tú ábalta tabhairt air rudaí a theastaíonn uait a dhéanamh. smacht a bheith agat ar rud smacht a choinneáil ar rud chaill sé smacht ar an ngluaisteán / d'imigh an carr ó smacht air ba cheart peataí a choimeád faoi smacht 2. Má tá smacht agat ort féin, iompraíonn tú thú féin ar bhealach stuama socair. coinnigh smacht ort féin bhí siad imithe ó smacht ar fad 3. Tabhairt ar dhaoine cloí le rialacha nó le caighdeáin iompair, agus pionós a ghearradh orthu mura ndéanann siad é sin tá an-smacht aige sa rang smacht míleata a chur i bhfeidhm 4. Má tá smacht ag duine ar dhaoine eile, tá an duine sin níos cumhachtaí, níos údarásaí nó níos tábhachtaí ná na daoine sin. bhí smacht aige orthu / bhí siad faoina smacht duine a chur faoi smacht Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...