Focail chosúla :

sinne

 cmu
Personal pronoun, 1st person pluralForainm pearsanta, 1ú pearsa iolra Úsáideann tú sinne chun tagairt le treise do ghrúpa ina bhfuil tú féin agus duine nó daoine eile nuair a bhíonn tú ag dealú idir dhaoine difriúla nó sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar ainmní gnáthbhriathair;mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. cé, sinne nó iadsan? Maratón a rith? Sinne? tá a fhios agam, ach sinne? - ní thuigim sin ó, a dhiabhail, sinne arís! 'Cé a bhuaigh?' 'Sinne.' (A) mar ainmní gnáthbhriathair tá sinne réidh ach níl siadsan ní dhéanfaidh sinne é ar cháiligh sinne freisin? b'fhearr leo sinne a bheith ciúin (B) mar chuspóir gnáthbhriathair phioc sé sinne rompusan thit mé féin agus Seán freisin, ach níor gortaíodh sinne ba mhaith léi sinne a chur isteach in bhur n-áitse (C) mar ainmní na copaile is foghlaimeoirí sinne / foghlaimeoirí is ea sinne ní maith leis sinne ba as an gceantar céanna sinne is sinne na húinéirí ní sinne is measa orthu sílim gur sinne na daoine cearta chuige, ní hiadsan 'An sinne na buaiteoirí?' 'Is sibh.' 'An lánbhaill sinne?' 'Is ea.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail sinne a roghnaigh í / is sinne a roghnaigh í sinne a roghnaigh sí / is sinne a roghnaigh sí ní sinne a thosaigh an raic déarfainn gur sinne ba chúis leis, ceart go leor nach sinne féin a scríobh é? 'An sinne a bhuaigh?' 'Is sibh.' (E) mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir sinne agus an doras beidh siad go breá gan sinne gach duine ach sinne
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...