Focail chosúla :

siadsan

 cmu
Personal pronoun, 3rd person pluralForainm pearsanta, 3ú pearsa iolra 1. Úsáidtear siadsan chun tagairt le treise do dhaoine ar leith mar ainmní gnáthbhriathair. tá siadsan réidh ach níl muidne ní dhéanfaidh siadsan é ar cháiligh siadsan freisin? 2. Úsáidtear siadsan chun tagairt le treise do rudaí ar leith mar ainmní gnáthbhriathair. tá siadsan as dáta 3. Úsáidtear siadsan chun tagairt le treise do dhuine aonair ar leith mar ainmní gnáthbhriathair nuair nach léir nó nach sonraítear cé acu fireannach nó baineannach atá i gceist. cibé duine a bhíonn ag tiomáint, caithfidh siadsan go háirithe a bheith cúramach 4. Úsáidtear siadsan chun tagairt le treise do dhuine neamh-dhénártha ar leith, ar mhaith leo gur mar sin a dhéanfaí tagairt dóibh, mar ainmní gnáthbhriathair. tá siadsan ar an duine is sine de na siblíní
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...