Focail chosúla :

saothar

 cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. saothair; nom.pl. ; a.i. saothair; gen.pl. ; g.i. saothar) 1. Obair an-chrua a chuireann tuirse mhór fhisiciúil ar dhaoine rinne sí saothar mór 2. An fuinneamh nó an dua a chaitear le rud éigin, nó a bhíonn ag teastáil le rud éigin a dhéanamh. Mar shampla, má bhíonn saothar mór i gceist le rud éigin, bíonn dua agus obair mhór sa rud sin. ba bheag an saothar a chur sé air féin 3. employmentfostaíochtAn obair a dhéanann grúpa oibrithe nó oibrí ar leith d'íoc sí mé as mo chuid saothair / chúitigh sí mo chuid saothair liom an lucht saothair 4. artealaín, literaturelitríocht, musicceolPíosa cumadóireachta, ceoil nó ealaíne. Mar shampla, má tá tú ag caint ar shaothar le ceoltóir ar leith, tá tú ag caint ar phíosa ceoil a cheap an ceoltóir sin. saothar le Mozart sárshaothar liteartha is ea an leabhar sin 5. literaturelitríocht, artealaín formalfoirmeáltaIs ionann saothar údair, ceoltóra nó ealaíontóra agus gach píosa ar cheap an t-údar, an ceoltóir nó an t-ealaíontóir ina n-aon aonad amháin. Mar shampla, is ionann saothar Mháirtín Uí Chadhain agus gach scríbhinn leis an údar Máirtín Ó Cadhain. saothar Sheosaimh Mhic Grianna is téama lárnach i saothar ealaíne Leonardo da Vinci é d'fhág sí saothar suntasach ceoil ina diaidh PhrasesNathanna saothar a bheith ort (also saothar anála a bheith ort)Má tá saothar ort, tá tú ag tarraingt d'anála go han-tapa agus le dua mar go raibh rud éigin fisiciúil á dhéanamh agat roimhe sin. bhí saothar uirthi / bhí saothar anála uirthi
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...